Plé:Bodleian Library
Cuir topaic leisCuma
Latest comment: 8 mí ó shin by Taghdtaighde in topic Ainm
Ainm
[athraigh foinse]Feictear dom go bhfuil "Library" ag feidhmiú mar ainmfhocal coiteann, maille le sloinne an fhir a bhunaigh. Dá réir sin, tá rún agam ainm an ailt seo a aistriú go Gaeilge: "Leabharlann Bodley" Taghdtaighde (plé) 22:10, 25 Aibreán 2025 (UTC)
- Nílim cinnte gur aontaím leat. Is ainmfhocal dílis é, agus tá an ainm oifigiúil atá air sa Bhéarla. Nuair atá tú ag labhairt faoin leabharlann as Gaeilge, deirtear, "Chuaigh mé go dtí an Bodleian Library inné", ceart? - Alison plé 23:13, 25 Aibreán 2025 (UTC)
- Ní dóigh liom féin é, ar an mbonn céanna go ndeirtear 'Ollscoil Oxford'. Toisc go bhfuil ciall 'Library' chomh soiléir sin, is beag seans go n-athróinn féin ó Ghaeilge go Béarla don aon fhocal amháin sin
- Is beag fianaise faoi atá i gcorpas.ie ach 'Leabharlann' atá ann ar an mórgóir, cé nach bhfuiltear ar aon fhocal faoin alt. Tháinig mé ar an tagairt suntasach seo do "leabharlán Bhuidhléin a Gcolaiste Ocsford" ó 1835 ach is dócha gur fearr cloí le bunleagan ainm an bhunaitheora (agus is cinnte nach bhfuil alt sa chás sin)
- Maidir le ceist an tséimhithe, is focal baineann í 'leabharlann' ach feicim go bhfuil "Leabharlann Bodley" ag an ollamh Nicholas Williams, mar sin táim sásta cloí leis sin Taghdtaighde (plé) 00:35, 26 Aibreán 2025 (UTC)