Plé:Blàr Allt a' Bhonnaich

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Polasaí na Vicipéide maidir le logainmneacha i dteangacha Ceilteacha eile[athraigh foinse]

Ar chóir an t-alt seo a athainmniú mar Cath Ailt a' Bhonnaich? Céard é polasaí na Vicipéide maidir le logainmneacha i dtíortha Ceilteacha eile? Scríobh mé an stumpa faoi Benoded, baile sa Bhriotáin. Benodet an t-ainm atá air sa Fhraincis, ach d'úsáid mé an t-ainm Briotáinise san alt. -- An Piscín 22:49, 18 Iúil 2006 (UTC)[reply]

Allt a' Bhonnaich an Ghàidhlig cheart ar an gceantar. Ceapaim gur fearr i bhfad logainmneacha Ghaelacha a úsáid d'áiteanna in Albain agus ar Oileán Mhanann ar aon nós, agus leaganacha Ghaeilge a fháil más féidir - mar shampla, ba fearr Dún Éideann a scríobh anseo ná Dùn Èideann. An bhfuil aon mhalairt Ghaeilge (Éireannach) ann ar Allt a' Bhonnaich? "The bannock stream" an Béarla a thugtar sa sainfhoclóir seo, agus tá 'bannach' ann i De Bhaldraithe. --Gabriel Beecham 20:29, 19 Iúil 2006 (UTC)[reply]