Plé:An tÍliad

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Plé:An t-Iliad)

Cad chuige an "i" fada ag tús an fhocail? Tá sé gearr sa Ghréigis.Murchadh 18:26, 8 Márta 2010 (UTC)[reply]

Ἰλιάς i Sean-Ghréigis = Iliás i nGaeilge an lae inniu? Éóg1916 19:41, 8 Márta 2010 (UTC)[reply]
I bhfad níb fhearr a bheadh sin. Ba chuma ann nó as don tsíneadh fada os cionn an "a" - níl ann ach comhartha béime sa Ghréigis.Murchadh 16:31, 9 Márta 2010 (UTC)[reply]
Tá focal Gaelach ann riamh don Iliad - An t-Iliad. Féach ar an nasc seo chun leagan Gaelach den leabhar a fheiceáil. "An t-Iliad. Air chogadh na Tróighe. Aisdríghthe o Ghreag-Bhearla go ran Gaoidhilge, le Seághan, Árd-easbog Thúama." atá scríofa ann. Ní gá dúinn leagan nua do chruthú nuair atá leagan ann cheana féin. --86.46.137.153 16:59, 9 Márta 2010 (UTC)[reply]
Is é mo thuairim féin gurbh inghlactha "d" nó "s" ag deireadh an fhocail (b'fhearr liom "Ilias" siocair go ndíorthaitear é ó thuisil ainmneach an fhocail Ghréigise) ach an "i" bheith gearr.Murchadh 19:00, 9 Márta 2010 (UTC)[reply]
Bhí a fhios agam faoi aistriúchán Mhic Éil. Tá sé suimiúil gur chinn Mac Éil ar úsáid a bhaint as leagan coitianta an Bhéarla ar an fhocal 'Iliás', sé sin 'Iliad', ach is dócha go raibh sé go mór faoi thionchar an Bhéarla ag an am! Cad is brí le " o Ghreag-Bhearla"? Is dócha nach raibh an scéal amhlaidh ar mhór-roinn na hEorpa ( féach: http://openlibrary.org/b/OL7090368M/Homers_Ilias.). Nach bhfuil an dara rogha againn anois ach nós an Ardeaspaig a leanúint? Ab uno disce omnes! Éóg1916 09:10, 10 Márta 2010 (UTC)[reply]
Is é is brí le "Béarla" sa chás seo ná "teanga". Is é is brí le "Béarla" sa lá atá inniu ná an teanga atá á labhairt i Sasana, i Meiriceá, san Astráil, srl. Ach b'é an tsean-bhrí le "Béarla" ná "teanga" (ms. Sacs-Bhéarla -> teanga na Sacsanach, Gréag-Bhéarla -> teanga na nGréigeach, srl.) --86.42.4.219 16:24, 16 Márta 2010 (UTC)[reply]