Jump to content

Plé:Athleasú Creidimh

Page contents not supported in other languages.
Cuir topaic leis
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Reifirméisean an leathanach ceart don ábhar seo. Tá fhios agam gur focal gránna atá i gceist, ach sin an focal atá in úsáid. Ní féidir é a shéanadh. --Gabriel Beecham 21:01, 20 Oct 2004 (UTC)

Níl an focal Reifirméisean in aon úsáid coitianta go n-eol domsa, agus mar sin eitím dó. Agus tá an ceart agat, is gránna an focal é. Díreach mar go bhfuil sé i de Bhaldraithe, srl, ní deireann sé sin gur gá dúinne é a úsáid mar a dhéanfadh duine dall. Tá ciall agus stair éigin ag an t-Athrú Creidimh, agus tá sé soiléir go maith nuair a chuirtear in uaslitreacha é. Le meas. Meabhar 05:00, 30 Nol 2004 (UTC)

Seo ceithre sámplaí duit den focal 'Reifirméisean' in úsáid láithreach, i leabhair agus ar shuímh Idirlín: . Aithním go bhfuil an leagan 'Athrú Creidimh' in úsáid chomh maith (m.sh. ), ach faoi láthair is é 'Reifirméisean' an focal níos coitianta sna scoileanna is sna hollscoileanna. Molaím an leathanach seo a chur ar ais ag Reifirméisean, agus an dá leagan a mhíniú sa chéad líne. --Gabriel Beecham 18:31, 30 Nol 2004 (UTC)
Tugann an Moinsíneoir Breandán Ó Doibhlin Athleasú Creidimh air seo (Manuail de Litríocht na Gaeilge, Faisicil I, Ar imeall an Choncais, 1500). Sílim go bhfuil sé sin údarásach. Evertype 16:28, 20 Mei 2005 (UTC)
Reifirméisean agus Athrú Creidimh i bhFoclóir Póca an Ghúim, ach níl aon toradh Google ag Athleasú Creidimh, ach b'fhéidir go bhfuil an Doiblineach níos údarásaí ná an CT. An bhfuil sé iomlán neodrach a rá gur 'athleasú' atá i gceist, muna bhfuil úsáid leathan ag an nath sin cheana féin? --Gabriel Beecham 18:07, 20 Mei 2005 (UTC)
Ní féidir "Athrú Creidimh" a thuiscint ach "Change of Religion", .i. "Conversion", rud an-difriúil ó "Reformation". Rud an-difriúil freisin is ea "Athleasú" 're-correction', 're-formation'. Glacaim leis an téarma ón Moinsíneoir Ó Doibhlin. Evertype 22:53, 20 Mei 2005 (UTC)

Start a discussion about Athleasú Creidimh

Start a discussion