Plé:An Damaisc

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

(An) Damaisc[athraigh foinse]

A Fhearghailigh a chara, is é "an Damaisc" atá ag an gCoiste Téarmaíochta [1]. Tá meascán sa Bhíobla, ach úsáidtear an t-alt den chuid is mó. Cén fáth arbh fhearr leat "Damaisc"? kscanne (plé) 16:53, 23 Iúil 2022 (UTC)[reply]

Tá an ceart ar fad agat. Chlis mo chuimhne orm is dócha, mheas mé go raibh 'Damaisc' gan an t-alt ar focloir.ie agus fuair mé gan an t-alt é sa Bhíobla agus in EID. Ach is léir gurb é an leagan leis an alt is údarásaí. Fearghaileach (plé) 17:09, 23 Iúil 2022 (UTC)[reply]
GRMA — déanaimid chuile iarracht cloí leis na téarmaí ar téarma.ie. Dála an scéil, thug mé rud spéisiúil faoi deara sa Bhíobla... "an Damaisc" atá ann den chuid is mó, seachas i nGníomhartha na nAspal — foinse an scéil "Bóthar na Damaisce" (sic)! Ar aon nós, go raibh maith agat as an méid atá déanta agat cheana, agus fáilte romhat. kscanne (plé) 17:16, 23 Iúil 2022 (UTC)[reply]
Dar ndóigh ba é Gníomhartha na nAspal an áit ar chuardaigh mé ainm na cathrach sa Bhíobla, ag smaoineamh dom ar Naomh Pól...
Go raibh maith agat as an bhfáilte! Fearghaileach (plé) 17:23, 23 Iúil 2022 (UTC)[reply]