Pláinéad domhanda

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Pláinéid dhomhanda an Ghrianchórais: Mearcair, Véineas, an Domhan agus Mars, meánmhéide de réir scála.

Is éard is pláinéad domhanda, pláinéad teallúrach, nó pláinéad carraigeach ann ná pláinéad atá comhdhéanta go príomha de  charraigeacha sileacáite nó miotail. Laistigh den Ghrianchóras, is iad na pláinéid is gaire don Ghrian, .i. Mearcair, Véineas, an Domhan agus Mars na pláinéid dhomhanda. Tá an téarma "pláinéad teallúrach" díorthaíthe ón fhocal Laidine ar an Domhan (Tellus), mar tá na pláinéid seo cosúil leis an Domhan ó thaobh comhdhéanta.

Bíonn dromchla soladach ag na pláinéid dhomhanda, rud a fhágann go mbíonn éagsúlachtaí móra idir iad agus na hollphláinéid, atá comhdhéanta den chuid is mó de roinnt meascán de hidrigin, héiliam, agus uisce a bhíonn i staideanna a bhíonn, go fisiciúil, éagsúil óna chéile.