Pioratram

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Planda ilbhliantúil a fhásann 45 cm ar airde, dúchasach do leithinis na mBalcán ach saothraítear go forleathan é, in oirthear na hAfraice is Meiriceá Theas go háirithe. Na duilleoga roinnte airgeadach/liath; na bláthchinn aonarach, cosúil le nóinín; na bláthóga seachtracha leata bán. Ullmhaítear feithidicíd as ábhair a eastósctar ó na bláthchinn thriomaithe mheilte, agus bhí an fheithidicíd seo in úsáid sa tSín sa 2ú céad.