Jump to content

Piollaire frithghiniúnach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí DrugaPiollaire frithghiniúnach
Sonraí cliniciúla
Grúpa cógaseolaíochtafemale contraceptive agent (en) Aistrigh
ChEBI49325
Levlen®ED: 21 lá, agus ansin placebo ar feadh 7 lá

Is éard is piollaire frithghiniúnach[1] ná cógas a úsáidtear chun toirchis a chosc. Cuimsíonn an piollaire stéaróidigh cosúil leis na gnéas-hormóin bhaineanna, éastraigin is prógaistéarón le chéile, nó prógaistéarón amháin. Coisceann sé ubhsceitheadh agus cuireann tús le hathruithe i líneáil is táil an cheirbheacs, na broinne is na bhfeadán útarach a dhéanann naimhdeach don speirm iad.[2][3]

Ní i bhfad ó shin a rinne rialtas na hÉireann dleathach é frithghiniúint ar oideas a dhíol - 1979 - .

Is éifeachtaí an comhphiollaire éastraigine is prógaistéaróin ná an piollaire prógaistéaróin amháin (an mionphiollaire). Tógtar iad go minic ar feadh 21 lá (agus ansin placebo ar feadh 7 lá), agus tarlaíonn an míostrú sa 7 lá ina dhiaidh sin (ach tá modhanna eile ann uaireanta).[4]

Baineann priacal beag trombóise leis an bpiollaire seo i mná os cionn 35 bliain d'aois ach go háirithe (bíonn an mionphiollaire níos sábháilte do na mná seo, bíodh is nach iomlán éifeachtach é).

Tá ábhar frithghiniúnach iar-riachtana ann, a chuimsíonn an éistrigin shaorga stilbeistreól, a choisceann ionchlannú aon uibhe toirchithe. Ach níl sé seo iontaofa a dhóthain le húsáid go rialta, agus coinnítear i gcomhair éigeandála é (sracadh an choiscín nó comhriachtain neamhchosanta neamhphleanáilte).[4]

Tá taighde ar fhrithghiniúnaigh hormónacha agus an tionchar atá acu ar cholainn na mná go mór i mbéal an phobail agus roghanna frithghiniúna nádúrtha á bhfiosrú ag mná.[5]

Ina thaighde ar atáirgeadh daonna, léirigh an fiseolaí Gregory Pincus sna 1950idí go rialaíonn cuid de na hormóin shaorga an torthúlacht go maith. As seo a saothraíodh an chéad phiollaire frithghiniúna .[6]

Tá cás McGee v An tArd-Aighne [1974] ina chás cinniúnach i stair na hÉireann. Sa bhliain 1972, bhí frithghiniúint mídhleathach in Éirinn. Cé go bhféadfadh mná an piolla a fháil óna ndochtúir teaghlaigh féin, bhí cosc iomlán ar tháirgí frithghiniúna a dhíol. I gcás May McGee, áfach, bhí mórdheacrachtaí leighis aici le linn di a bheith torrach. Ar an 19 Nollaig 1973, tugadh cinneadh ceannródaíoch na Cúirte Uachtaraí i McGee v An tArd-Aighne [1974] IR 284, gur sháraigh dlí a chuir cosc ​​ar allmhairiú frithghiniúnach an ceart a bhí ag na gearánaithe sa chás seo chun na príobháideachta sa phósadh.

Chun teacht ar réiteach, mhol Paddy Cooney, Aire Dlí agus Cirt, an Bille um Rialú Allmhairiú, Díol agus Monarú Frithghiniúnacha 1974. Ach reáchtáladh vóta saor sa Dáil agus cuireadh go tréan i gcoinne é; vótáil an Taoiseach, Liam Cosgrave féin, ina éadan.

Ba sa bhliain 1979 a thug Charlie Haughey isteach an tAcht Sláinte (Beartú Muiríne).[7] Aithníodh é mar “an Irish solution to an Irish problem”, tagairt cháiliúil CJ Haughey sa Dáil ar an 28 Feabhra 1979 don leasú a bhí á mholadh aige siúd ar an dlí, leasú a thabharfadh cead do phoitigéirí coiscíní agus piollaí a sholáthar – do lánúineacha pósta amháin – ar oideas.

Rinne an rialtas dleathach coiscíní - gan oideas - sa bhliain 1985 agus SEIF ina loscadh sléibhe. Tá an-dul chun cinn déanta in Éirinn ó thaobh roghanna frithghiniúna de ó shin i leith.

Sa bhliain 2024, bhain os cionn 65% de mhná idir 18-45 in Éirinn úsáid as frithghiniúint. Dáileadh 448,326 paca den phiollaire frithghiniúnach faoin Scéim Frithghiniúna Saor in Aisce idir Eanáir agus Meán Fómhair 2023, scéim a seoladh in 2022 le seirbhísí frithghiniúna saor in aisce a chur ar fáil do dhaoine idir 17-25 agus a leathnaíodh le daoine suas le 35 bliain d’aois a chur san áireamh in 2024.[5]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, "oral contraceptive pill"
  2. sexualwellbeing.ie (2025). "Homepage" (en). sexualwellbeing.ie. Dáta rochtana: 2025-12-03.
  3. Citizensinformation.ie. "Seirbhísí pleanála teaghlaigh" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2025-12-03.
  4. 1 2 Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).
  5. 1 2 Rhiann Flemming (2025-12-02). "Paradacsa an Phiollaire: Miangas ar Iarraidh" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2025-12-03.[nasc briste go buan]
  6. Hussey, Matt (2011). "Gregory Goodwin Pincus". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 518.
  7. "Pribhléid is cumhacht na bhfear a d’fhág glas ar bhéal na mban" (ga-IE). Tuairisc.ie (2021-01-28). Dáta rochtana: 2025-12-07.