Pierre de Coubertin
Oideachasóir agus staraí Francach ba ea Charles Pierre de Fredy, Baron de Coubertin (ainm breithe: Pierre de Frédy; 1 Eanáir 1863 – 2 Meán Fómhair 1937), nó Pierre de Coubertin nó Baron de Coubertin mar ab fhearr aithne air. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Choiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha, agus ba é an dara huachtarán a bhí air. Cuimhnítear air mar athair Chluichí Oilimpeacha na nua-aoise. Bhí sé thar a bheith gníomhach i gcur chun cinn an spóirt i scoileanna na Fraince.
Ba de mhuintir uasal Francach é Coubertin, agus bhí an t-oideachas agus an stair ar na hábhair is mó a ndearna sé staidéar orthu mar fhear léinn. Bhain sé céim amach sa dlí agus i ngnóthaí poiblí in Institiúid Staidéir Pholaitiúil Pháras (Sciences Po).[1] Ba ag an Institiúid a smaoinigh sé an chéad lá riamh ar na Cluichí Oilimpeacha a athbheochan.[2]
Tá Corn Domhanda Pierre de Coubertin agus Bonn Pierre de Coubertin ainmnithe as.
Tús a shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Pierre de Frédy i bPáras ar an 1 Eanáir 1863.[3] Ba é an ceathrú duine clainne é ag an mBarún Charles Louis de Frédy, Baron de Coubertin agus Marie–Marcelle Gigault de Crisenoy. De réir sheanchas a mhuintire, tháinig an sloinne Frédy go dtí an Fhrainc den chéad uair go luath sa 15ú haois. Ba é Louis XI a bhronn an chéad teideal uasal ar shinsear dá gcuid, fear a raibh Pierre de Frédy air freisin, sa bhliain 1477.

Ba ríogaí dílis agus ealaíontóir cumasach é a athair, Charles, ar bronnadh duaiseanna ar a chuid pictiúr ag salon Pháras, cé go mba mhinic é as láthair mar agóid i gcoinne Napoleon III. Bhain go leor dá chuid pictiúr leis an Eaglais Chaitliceach, leis an gclasaiceachas, agus leis an uaisleacht.[4] In Le Roman d'un rallié, dírbheathaisnéis ficseanaithe le Pierre de Coubertin, tugtar le fios go raibh ruainne teannais sa chaidreamh idir a athair is a mháthair. Ina chuimhní cinn, luann Coubertin an díomá a bhí air nuair a chas sé le Henri, Cunta Chambord, ar cheart dó a bheith ina rí ar an bhFrainc dar le Charles.[4]
Is iomaí athrú a bhí ag teacht ar an bhFrainc le linn do Coubertin a bheith ag éirí aníos: an Cogadh leis an bPrúis, Común Pháras, agus tús an Tríú Poblacht.[4] I mí Dheireadh Fómhair 1874, chláraigh a thuismitheoirí é i scoil nua Íosánach, Externat de la rue de Vienne, a bhí fós á tógáil le linn a chéad chúig bliana ann. Chónaigh sé sa scoil agus bhí sé ar dhuine de na trí dhalta ab fhearr ina rang. Mar ba ghnách i gcóras oideachais na Fraince ag an am, rinne Coubertin staidéar ar stair ársa na Gréige agus na Róimhe, rud a chothaigh meas ann ar na Cluichí Oilimpeacha a bhí ann fadó.[5]
Ó chuir Coubertin suim san oideachas, thug sé cuairt ar scoileanna i Sasana. Ba léir dó ann "go gcruthódh spórt eagraithe láidreacht mhorálta agus sóisialta". Nuair a thosaigh sé ag forbairt a chuid smaointe maidir le corpoideachas, ghlac sé inspioráid ó na giomnáisiamaí, na hionaid aclaíochta a bhí in Aithin na sean-Ghréige. Dar leis go dtarraingeodh a leithéid daoine le chéile idir shean agus óg, agus idir lucht léinn is lucht oibre.
Sa bhliain 1888, bhunaigh Coubertin an Comité pour la Propagation des Exercises Physiques, nó an Comité Jules Simon mar is fearr aithne air.
Athbheochan na gCluichí Oilimpeacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Reáchtáil Coubertin comhdháil ar an 23 Meitheamh 1894 ag an Sorbonne i bPáras. Roinneadh na rannpháirtithe ina dhá gcoimisiún, ceann le díriú ar amaitéarachas sa spórt agus ceann le hoibriú ar athbheochan na gCluichí Oilimpeacha. Ceapadh rannpháirtí Gréagach, Demetrios Vikelas, mar cheannaire ar an gcoimisiún, agus ina dhiaidh sin ba eisean an chéad Uachtarán ar Choiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha. Tháinig C. Herbert ó Chumann Lúthchleasaíochta Amaitéaracha na Breataine agus WM Sloane ó na Stáit Aontaithe i gcabhair ar Coubertin ag treorú iarrachtaí an choimisiúin. Moladh i dtuarascáil an choimisiúin go reáchtálfaí na Cluichí Oilimpeacha gach ceithre bliana agus go n-imreofaí spóirt nua-aimseartha seachas spóirt ársa. Shocraigh siad freisin an dáta agus an suíomh do na chéad Chluichí Oilimpeacha nua-aimseartha: Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1896 in Aithin na Gréige, agus an dara ceann, Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1900 i bPáras. Bhí Coubertin i gcoinne an Ghréig a roghnú ar dtús, mar bhí imní air nach raibh ar chumas an stáit thall an comórtas a chur ar siúl, ach chuir Vikelas ina luí air tacú leis an smaoineamh. Glacadh le moltaí an choimisiúin d'aon ghuth ag an gcomhdháil.
Uachtarán ar Choiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó 1896, bhí Coubertin mar uachtarán ar Choiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha agus ba iad Cluichí Oilimpeacha Pháras 1900 na chéad Chluichí a raibh sé i gceannas orthu mar uachtarán. Ba é Coubertin a chruthaigh an peinteatlón nua-aimseartha do na Cluichí Oilimpeacha 1912. D’éirigh sé as mar uachtarán ar an gCoiste tar éis Chluichí Oilimpeacha 1924 i bPáras, a bhí i bhfad ní ba rathúla ná an chéad iarracht sa chathair sin sa bhliain 1900. Tháinig an Beilgeach Henri de Baillet-Latour i gcomharbacht air sa bhliain 1925. Le linn a thréimhse mar uachtarán, d’éirigh le Coubertin comórtais ealaíne a thabhairt isteach mar chuid de na Cluichí Oilimpeacha, rud a bhí sé a mholadh ó bunaíodh an Coiste.[5]
Ó Coubertin féin a tháinig cuid mhór de mhaoiniú an Choiste. Is é an chaoi ar chaith sé oiread dá airgead air go raibh deacrachtaí airgid aige i ndeireadh a shaoil.[6]
Blianta ina dhiaidh sin thug Coubertin cúnamh do Bheirlín le go gcuirfí na Cluichí ar siúl sa chathair sin i 1936. Mar bhuíochas leis, d'ainmnigh an Ghearmáin é do Dhuais Nobel na Síochána, ach ba é Carl von Ossietzky, a bhí i gcoinne na Naitsíoch, a bhuaigh í.[7]
Bua ag na Cluichí Oilimpeacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhuaigh Coubertin bonn óir na litríochta ag Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1912 as a dhán "Ode au Sport," an chéad uair a raibh comórtais ealaíne ann mar chuid de na Cluichí.[8] Chuir Coubertin an dán isteach faoin ainm cleite Georges Hohrod agus M. Eschbach, ainmneacha sráidbhailte gar d'áit bhreithe a mhná céile.[9]
Gasógaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1911, bhunaigh Pierre de Coubertin an eagraíocht gasógaíochta ilchreidmheach, Éclaireurs Français (EF), sa Fhrainc.[10]
Saol pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]In 1895, phós Pierre de Coubertin Marie Rothan, iníon le cairde lena mhuintir. Bhí mac agus iníon acu, ach tinneas ar an mac, Jacques, (1896–1952) tar éis dó a bheith faoin ngrian rófhada agus é ina ghasúr óg. D’fhulaing a n-iníon Renée (1902–1968) le suaitheadh mothúchánach agus níor phós sí riamh. Bhí Marie agus Pierre mór le beirt nianna leo, ach maraíodh iad sin sa Chéad Chogadh Domhanda. Fuair Coubertin bás de dheasca taom croí i nGinéiv, na hEilvéise ar an 2 Meán Fómhair 1937 agus cuireadh é i Reilig Bois-de-Vaux i Lausanne. Cailleadh Marie sa bhliain 1963.[11][12]
Tar éis a bháis, tugadh a chroí go hOlympia de réir mar ba mhian leis go gcuirfí é sa liagán greanta cuimhneacháin a rinne rialtas na Gréige in ómós do Coubertin sa bhliain 1937.[13]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “128 ans plus tard... Pierre de Coubertin de retour à Sciences Po” (fr). Sciences Po Executive Education. Dáta rochtana: 29 January 2018.
- ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "" (fr). Archimag.
- ↑ Hill 1996.
- 1 2 3 MacAloon 1981.
- 1 2 Stanton (2000). "The Forgotten Olympic Art Competitions" (in English): 3. Trafford. ISBN 1-55212-606-4.
- ↑ “Olympedia – Pierre, Baron de Coubertin”. www.olympedia.org. Dáta rochtana: 16 February 2025.
- ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "". The New York Times SP1 & SP3.
- ↑ Gjerde (2011). “Pierre, Baron de Coubertin Biography and Olympic Results”. Sports Reference.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 17 April 2020. Dáta rochtana: 7 March 2012.
- ↑ Goldblatt (2016). "The Games": 1–2. London: Macmillan. ISBN 978-1-4472-9887-8.
- ↑ “1911 : Les Éclaireurs Français – Histoire du Scoutisme Laïque”. histoire-du-scoutisme-laique.fr. Dáta rochtana: 20 February 2021.
- ↑ “Pierre, Baron de Coubertin Bio, Stats, and Results”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 17 April 2020.
- ↑ “Pierre de Coubertin”. International Olympic Committee. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 22 August 2011. Dáta rochtana: 19 October 2016.
- ↑ “Coubertin Grove | World Heritage Journeys of Europe”. visitworldheritage.comhttps. Dáta rochtana: 8 August 2023.