Jump to content

Pierre Laval

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPierre Laval

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Meitheamh 1883
Châteldon, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Bás15 Deireadh Fómhair 1945
62 bliana d'aois
Fresnes, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisTráma balaistíoch
Áit adhlacthaReilig Montparnasse (1945–)
Cimetière parisien de Thiais (en) Aistrigh (–1945) Cuir in eagar ar Wikidata
Ceann rialtas na Fraince
18 Aibreán 1942 – 20 Lúnasa 1944
← François DarlanCharles de Gaulle →
Deputy Prime Minister of France (en) Aistrigh
11 Iúil 1940 – 13 Nollaig 1940
← Philippe PétainPierre-Étienne Flandin →
Uachtarán na Comhairle
7 Meitheamh 1935 – 24 Eanáir 1936
← Fernand BouissonAlbert Sarraut →
Aire Gnóthaí Eachtracha
13 Deireadh Fómhair 1934 – 24 Eanáir 1936
Minister of the Colonies (en) Aistrigh
9 Feabhra 1934 – 13 Deireadh Fómhair 1934
An tAire Gnóthaí Baile
27 Eanáir 1931 – 14 Eanáir 1932
Uachtarán na Comhairle
27 Eanáir 1931 – 20 Feabhra 1932
← Théodore SteegAndré Tardieu →
Minister of Labour (en) Aistrigh
2 Márta 1930 – 13 Nollaig 1930
Senator of the French Third Republic (en) Aistrigh
1927 – 1940
Toghcheantar: Seine
Ball de Thionól Náisiúnta na Fraince
1924 – 1927
Toghcheantar: Seine
Méara Aubervilliers
1923 – 1945 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Páras Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, dlíodóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaluach ar iarraidh (1923–1945)
French Section of the Workers' International (en) Aistrigh (1905–1922)
Páirtí Sóisialach na Fraince (1903–1905) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Fhraincis
Ghlac sé/sí páirt i
1940WWII Axis collaboration in France (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Suíomh a chartlainne
Eile
PáisteJosée Laval (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Duine muintearthaRené de Chambrun (en) Aistrigh () Cuir in eagar ar Wikidata
Ciontaíodh itréas
→ (pionós an bháis) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
15 Deireadh Fómhair 1945iarracht ar fhéinmharú Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú


Find a Grave: 8384840 Cuir in eagar ar Wikidata

Príomh-aire na Fraince ba ea Pierre Laval (28 Meitheamh 188315 Deireadh Fómhair 1945). a tharraing conspóid lena bheo agus lena mharbh. Bhí sé ina Phríomh-aire trí uair, 1931–1932 agus 1935–1936 (an Tríú Phoblacht), agus 1942–1944 (Vichy). Sóisialaí sna 1920idí-tús 1930idí, sna 1940idí, bhí Laval i bhfeighil polasaí rialtas Rialtas Vichy na Fraince 80,000 Giúdach a sheoladh chuig campaí géibhinn ar fud na hEorpa.

Dlíodóir, 1913
1940
Laval agus Philippe Pétain, 1942

De réir an tsosa comhraic a aontaíodh idir an Ghearmáin agus an Fhrainc i 1940, roinneadh an Fhrainc ina dhá cuid. Bheadh limistéar amháin faoi smacht na nGearmánach agus go teoiriciúil bheadh an zón eile, an zón Vichy, saor agus i seilbh na bhFrancach. An lá tar éis an tsosa comhraic, chuaigh Laval i mbun rialtais mar phríomhaire aon uair amháin eile. Glactar leis gurb é a bhí mar phríomhailtire ar réimeas Vichy, réimeas a bhí ag feidhmiú lámh ar lámh leis na Naitsithe.[1]

Chuir Laval ina luí ar an Chomhthionól Náisiúnta ar an 10 Iúil, 1940 gur cheart an t-údarás a thabhairt don Mharascal Philippe Pétain bunreacht nua a chur chun cinn agus Rialtas Vichy a bhunú. Mheas Laval nach gclisfí ar na Naitsithe ins an Dara Cogadh Mór agus gur cheart don Fhrainc comhoibriú le Hitler.

Tháinig Laval ar ais mar Phríomh-Aire sa bhliain 1942 agus chinn sé oibrithe ón Fhrainc a chur ar fáil le dul ag obair i dtionscail na Gearmáine mar chomhartha dea-mhéine.

Thug Laval óráid mhíchlúiteach i Meitheamh na bliana 1942 inar impigh sé ar dhaoine dul ag obair do na Gearmánaigh mar gur mhian leis go mbuafaidís an cogadh. Bhí an ghráin aige ar Ghiúdaigh agus bhaist sé déchets (bruscair) orthu.[2] Faoina stiúir siúd, a rinneadh an cinneadh comhoibriú leis na Naitsithe chun 80,000 Giúdach a dhíbirt ón Fhrainc chuig campaí cinedhíothaithe ar fud na hEorpa.[3][4]

An bhail chéanna ar gach duine ?

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thacaigh formhór phobal na Fraince le rialtas Laval ar dtús. Ba thuairim choitianta é i measc na bhFrancach le linn 1940-tús 1944 go raibh an Marascal Pétain, Pierre Laval agus an Ginearál de Gaulle ar an taobh chéanna go bunúsach, cé go raibh modhanna oibre difriúla acu. Go deimhin, glacadh le leagan den teoiric ag an leibhéal is airde in Vichy. Seo mar a labhair Laval, le duine de na hairí rialtais a shíl go raibh sé ag dul thar fóir leis an collaboration:[5]

[‘Cad is mian leat uaimse? Imrím an cluiche amhail is dá gcaithfeadh na Gearmánaigh an cogadh a bhuachan. An mbuafaidh na Gearmánaigh an cogadh? Níl cliú agam, ní mise Mme de Thèbes! De réir mar a théann sé i bhfad, is mó an t-amhras atá orm ... Ach tuigim nach fiú dada é Tadhg an Dá Thaobh sa pholaitíocht. Tá beirt ar féidir leo seirbhís a dhéanamh dá dtír: mar atá, mise agus an Ginearál de Gaulle.’][6][7]

‘La théorie du glaive et du bouclier’ a tugadh ar an tuairim seo: samhlaíodh gur sciath é réimeas Vichy chun an pobal a chosaint ón arm forghabhála, agus gur chlaíomh é la France Libre chun an tír a shaoradh. Níor léir don mhóramh gur ghá dóibh rogha a dhéanamh idir an sciath agus an claíomh, idir an marascal agus an ginearál.[5] Mar sin, ní raibh a fhios ag Laval, is cosúil, go raibh sé i gcontúirt bháis nuair a ghabhadh é in 1945.

Pierre Laval, príomh-aire, ar a thriail agus ar buile ar fad, 1945

Ins na laethanta beaga sular ghlac arm na gComhghuaillithe seilbh in athuair ar an tír, d’éirigh le Laval teitheadh ón Fhrainc ar eitleán de chuid an Luftwaffe. Dhiúltaigh an Eilvéis cead isteach dó agus chuaigh sé chun cónaithe i nDún Montjuic i mBarcelona na Spáinne.[1]

Bhí na Comhghuaillithe ag iarraidh go dtabharfaí ar ais chun na Fraince é agus go gcuirfí ar a thriail é as tréas a dhéanamh ar an tír. Cúis náire ab ea Laval do Rialtas Franco na Spáinne agus go raibh fonn air é a dhíbirt. Ní raibh aon chonradh eiseachadta idir an Fhrainc agus an Spáinn, áfach,

In 1945 rinne Rialtas na hÉireann, faoi stiúir Éamon De Valera, tairiscint tearmann a thabhairt do Pierre Laval. Ní fios go baileach cad tuige ar deineadh an tairiscint seo nó an raibh lámh ag an Vatacáin ins an idirbheartaíocht. Mar a tharlaíonn sé, dhiúltaigh Laval glacadh le tairiscint an Taoisigh siocair nár mhian leis go mbogfaí thart é mar a bheadh ‘pacáiste smálaithe’ ann. Ina áit sin, bogadh Laval go limistéar na Meiriceánach san Ostair. Thuirling sé in Innsbruck ar an 1 Lúnasa 1945 agus tugadh ar ais chun na Fraince é an lá dár gcionn.[1]

I bPáras, cuireadh Laval ar a thriail é as tréas.Baisteadh ‘Ard-Draoi Vichy’ air le linn na héisteachta. Rinne sé iarracht lámh a chur ina bhás fhéin trí nimh a ghlacadh. Cuireadh chun báis é ar an 15 Deireadh Fómhair, 1945.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 "Tearmann in Éirinn tairgthe 80 bliain ó shin d’fhear a bhí i bhfeighil polasaí na mílte Giúdach a chur chuig campaí géibhinn" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-01-16). Dáta rochtana: 2025-01-17.
  2. Renaud Meltz (2020-10-21). "I.5. Laval, antisémite qui s’ignore et persécuteur cynique" (as fr). Revue d’Histoire de la Shoah 212 (2): 121–151. doi:10.3917/rhsho.212.0121. ISSN 2111-885X. 
  3. encyclopedie.bseditions.fr. "“Le Bilan de la Shoah en France [Le régime de Vichy”.]". www.encyclopedie.bseditions.fr. Dáta rochtana: 2025-01-16.
  4. "Shoah en France" (as fr) (2025-01-16). Wikipédia. 
  5. 5.0 5.1 Vincent Morley (2016-05-23). "Aigne an phobail: guagach nó seasta?". Cúrsaí Staire. Dáta rochtana: 2025-01-16.
  6. « Moi, que voulez-vous, je joue la partie comme si les Allemands devaient gagner la guerre. Les Allemands gagneront-ils la guerre ? Je n’en sais rien, je ne suis pas Mme de Thèbes ! Plus ça va, moins je crois que c’est vrai … Mais j’estime qu’un double jeu en politique, ça ne signifie rien. Il y a deux hommes qui peuvent rendre service à leur pays : c’est le général de Gaulle et moi. »
  7. Fred Kupferman (1988). "Laval". (Páras) (lch 390).