Pico Lopes
| Beathaisnéis | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| Breith | 17 Meitheamh 1992 34 bliana d'aois Cromghlinn, Éire | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Faisnéis phearsanta | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Airde | 186 cm | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Gníomhaíocht | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Gairm | imreoir sacair | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Tír spóirt | Rinn Verde Éire | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Spórt | sacar | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Ionad ar an bhfoireann / speisialtacht | Imreoir lár páirce | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Ghlac sé/sí páirt i | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| 2026 | Corn FIFA an Domhain 2026 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||
Is peileadóir proifisiúnta é Roberto Carlos Lopes (a rugadh ar 17 Meitheamh 1992 i gCromghlinn, Baile Átha Cliath) nó Pico a thugtar air fosta. Is cúlaí láir é agus imríonn sé do Shamrock Rovers faoi láthair. Rugadh in Éirinn é ach imríonn sé don fhoireann náisiúnta Rinn Verde.
Gairm club
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba ghnách le Lopes imirt do na Boihéamaigh, go dtí 2016, nuair a bhog sé chuig Shamrock Rovers. Sa séasúr 2017, bíonn sé ar an bhfoireann go rialta. Sa bhliain 2019, scóráil sé a chéad chúl san Eoraip, in aghaidh Apollon Limassol. Ar an bhliain céanna, bhuaigh sé an Corn FAI nuair a bhuaigh Shamrock Rovers Dún Dealgan i gciceanna pionóis. Sa bhliain 2020, bhuaigh sé Príomhroinn Sraith na hÉireann le Shamrock Rovers agus bhuaigh sé arís in 2021, 2022, 2023 agus 2025.
Sa bhliain 2024, rinneadh Lopes ina chaptaen Rovers i ndiaidh do Ronan Finn an club a fhágáil. Sa bhliain 2025, bhuaigh sé "an dúbailt" mar chaptaen.
Gairm idirnáisiúnta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Lopez in Éirinn, le máthair Éireannach agus athair de chuid Rinn Verde. D'imir sé aon chluiche amháin le Foireann Phoblacht na hÉireann faoi naoi déag sa bhliain 2011.
Sa bhliain 2018, d'fhoghlaim Rui Águas, an cóitseálaí Rinn Verde, go raibh Lopes incháilithe imirt dóibh agus sheol sé teachtaireacht chuige ar LinkedIn chun áit a thairiscint ar an fhoireann. Áfach, bhí an teachtaireacht sa Phortaingéilis agus níor thuig Lopes agus thug neamhaird air. Shoel Águas teachtaireacht eile naoi mí ina dhiaidh sin, ach i mBéarla, agus thuig Lopes agus ghlac sé leis an tairiscint. Sa bhliain 2019, d'imir sé a chéad chluiche idirnáisiúnta do Rinn Verde, in aghaidh Thóga.
Sa bhliain 2021, bhí Lopes sa fhoireann Rinn Verde do Chorn Afracach na Náisiún agus arís sa bhliain 2023, nuair a dhíbríodh siad sna babhtaí ceathrú ceannais.
I mí Dheireadh Fómhair 2025, bhí Lopes sa fhoireann a cháiligh do Chorn an Domhain. Rinneadh sé ina dhara himreoir reatha as Sraith na hÉireann a cháiliú don Chorn an Domhain i ndiaidh do Joseph Anang a cháiliú le Gána an lá roimhe sin. Ar 15 Meitheamh 2026, d'imir sé a chéad chluiche Chorn an Domhain in aghaidh na Spáinne. [1][2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Pádraic Ó Ciardha (2026-06-12). "An chéad ghlúin eile, misneach na Seapánach agus an Bleá Cliathach atá ag fáil réidh do Yamal" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-06-17.
- ↑ Joe Breathnach (2026-06-11). "Roberto Lopes: An peileadóir Éireannach i gCorn an Domhain" (GA). ExtraG.ie. Dáta rochtana: 2026-06-17.
| Baineann an síol seo le himreoirí sacair na hÉireann. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |