Phoca vitulina
Phoca vitulina vitulina | |
| Stádas caomhnaithe | |
|---|---|
| Speiceas is lú imní | |
| AICD | 17013 |
| Sonraí | |
| Tréimhse iompair | 11 míosa |
| Tréimhse saoil is faide | 47.6 bliain |
| Tacsanomaíocht | |
| Aicme | Mammalia |
| Ord | Carnivora |
| Fine | Phocidae |
| Géineas | Phoca |
| Speiceas | Phoca vitulina Linnaeus, 1758 |
| Taifead | |
| Léarscáil de raon an tacsóin | |
Is ainmhí clúmhach farraige a mhaireann ar an talamh freisin é an rón cuain (Phoca vitulina).[1] Bíonn ceann cruinn ar na róin seo agus bíonn na súile suite ar comhfhad ón srón agus ó na cluasa. Cruthaíonn na scoiltphoill sróine cruth 'v' sainiúil nuair a fhéachtar orthu ón tosach. Fásann na róin go dtí idir 1.2 agus 2 mhéadar ar fad, agus bíonn meáchan idir 65 agus 140 kg acu. Bíonn na fireannaigh beagán níos mó ná na baineannaigh. Bíonn dath an fhionnaidh liath nó donnliath, le patrún aonfhoirmeach de spotaí beaga dorcha, cé go n-athraíonn an patrún ó áit go háit. Is féidir le róin aonair maireachtáil ar feadh 20-30 bliain.[2]
Dáileadh taifeadta sa Bhreatain agus in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an speiceas scaipthe cothrom go leor ar fud chóstaí na Breataine Móire agus na hÉireann, ach amháin i gceantair ina bhfuil aillte móra (Hewer, 1974). Is minicí a fheictear é ar chósta thoir Shasana, in iarthar na hAlban agus sna hoileáin thuaidh.
Dáileadh domhanda
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá dáileadh forleathan air san Atlantach Thuaidh agus sa Aigéan Ciúin Thuaidh, ó na réigiúin fho-thrópacha go dtí an tAigéan Artach. Bíonn sé coitianta ar chóstaí Cheanada agus na Stát Aontaithe. I gCeanada, tá daonraí ann a mhaireann in úruisce i rith na bliana ar fad.
Gnáthóg
[cuir in eagar | athraigh foinse]Maireann an rón seo go príomha feadh na gcladach agus in inbhir. Is minic a fheictear é ag sosa ar bhainc ghainimh, ar thránna atá furasta a bhaint amach, ar sceireacha agus ar charraigeacha taoide cosanta.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Phoca vitulina” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Rón coiteann". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 566.
| Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
| Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |