Pete Hegseth
Is é 29ú Rúnaí Cosanta na Stát Aontaithe - ó 2025 i leith - Peter Brian Hegseth (a rugadh ar an 6 Meitheamh 1980). Is é an dara duine is óige riamh a d’fhreastail mar Rúnaí Cosanta (tar éis Donald Rumsfeld, agus an chéad duine ó Mhinnesota sa phost. Is iar-oifigeach den National Guard de chuid Mheiriceá agus iar-láithreoir teilifíse (Fox News), i bhfad amach ar an eite dheis.





Tús a shaoil agus oideachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Peter Brian Hegseth ar 6 Meitheamh, 1980, i Minneapolis, Minnesota.[2] Ba é an chéad leanbh de chuid Brian agus Penelope "Penny" Hegseth. Bhí Brian ina chóitseálaí cispheile d’ardscoileanna ar fud Minnesota sular scoir sé in 2019, agus is cóitseálaí gnó feidhmiúcháin í Penny[3] a mhúin le Minnesota Excellence in Public Service Series, clár do mhná Poblachtánacha.[4]
Tógadh Hegseth i Forest Lake, Minnesota, [5] agus d'fhreastail sé ar Forest Lake Area High School.[6] Agus é 18 bliain d'aois, bhain sé teastas amach mar valedictorian sa bhliain 1999 agus ionduchtú níos déanaí isteach i nDámhachtain na Laoch. D'imir sé d'fhoireann peile na scoile agus ba threoraí na himeartha é.[7]
Rinne Hegseth staidéar ar an bpolaitíocht in Ollscoil Princeton, áit ar fhoilsigh sé do The Princeton Tory, nuachtán coimeádach do mhic léinn. Sa bhliain 2003, coimisiúnaíodh é mar oifigeach sa Gharda Náisiúnta. Seoladh é chuig Bá Guantánamo. Imlonnaíodh é go dtí an Iaráic in 2005.
D'fhill sé go dtí na S-A in 2006. D'oibrigh Hegseth le roinnt eagraíochtaí tar éis dó an Iaráic a fhágáil, lena n-áirítear mar stiúrthóir feidhmiúcháin ag Vets for Freedom agus Concerned Veterans for America. Cuireadh ina leith go raibh sé ag cúbláil ag an am.
Liostáil sé san arm in 2010//2011 agus d'fhan sé san Afganastáin go dtí 2014.

Pearsa theilifíse agus polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2014, thosaigh sé ag cur leis an Fox News mar chomhfhreagraí. Bhí sé ina chomhairleoir don Uachtarán Donald Trump tar éis dó tacaíocht a thabhairt dá fheachtas i 2016.
Ó 2017 go 2024, bhí sé ina chomhóstach ar Fox & Friends Weekend.

Bhí go leor leabhar scríofa aige le linn 2014-2024, lena n-áirítear American Crusade (2020) agus The War on Warriors (2024).
Ainmniúchán
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí na Samhna 2024, d’ainmnigh an tUachtarán tofa Donald Trump Hegseth mar rúnaí cosanta. Reáchtáladh éisteacht choiste de chuid Choiste Sheanad na Stát Aontaithe um Sheirbhísí Armtha roinnt laethanta sular thosaigh dara seal Trump mar Uachtarán.
Tharraing an t-ainmniúchán conspóid ollmhór; bhí líomhaintí os a chomhair faoi mhí-iompar gnéasach, míbhainistíocht airgeadais, agus ceisteanna alcóil as ar tháinig a dhaingniú. Dheimhnigh an Seanad é, leis an Leas-Uachtarán JD Vance ag caitheamh vóta comhionannais.
Rúnaí Cosanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí an Mhárta 2025, d'iarr Hegseth ar na Hútaithe stop a chur le hionsaithe ar na longa tráchtála' a úsáideann an stráice farraige sin mar aicearra idir an tAigéan Indiach agus Atlantach. Ar an 15 Márta, scaoil fórsaí Mheiriceá diúracáin i dtreo na Hutaithe.[8]
Cúpla lá níos déanaí, i sceitheadh comhrá grúpa rialtais na Stát Aontaithe ar Signal, a tharla roimh na hionsaithe, phléigh Hegseth na pleananna. Tugadh "Signalgate" ar ar an scannal.[9][10]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Deus vult" (as en) (2025-03-14). Wikipedia.
- ↑ Peter Brian Hegseth in the Minnesota, U.S., Birth Index, 1935–2004.
- ↑ LaFraniere & Tate 2024.
- ↑ Crowley 2024.
- ↑ Bolduc 2012.
- ↑ McKinney & Kashiwagi 2024.
- ↑ Sweeney 2024.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-03-17). "Leantar le hionsaithe san Éimín" (as ga-IE).
- ↑ 9.0 9.1 Peter Beaumont (2025-03-26). "Signal leak revelations expose US officials’ lies about what was shared" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2025-03-29.
- ↑ "United States government group chat leak" (as en) (2025-03-29). Wikipedia.
- Daoine a rugadh i 1980
- Daoine beo
- Alumni Ollscoil Harvard
- Airí Rialtais na Stát Aontaithe
- Cispheileadóirí Meiriceánacha
- Daoine Meiriceánacha de bhunadh na hEorpa
- Fir
- Láithreoirí teilifíse
- Lucht Trump
- Náisiúnaithe
- Poblachtánaigh na Stát Aontaithe
- Polaiteoirí Meiriceánacha an 21ú haois
- Protastúnaigh
- Saighdiúirí Meiriceánacha
- Scríbhneoirí Meiriceánacha