Pedro Luis Boitel
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1931 Jovellanos, Cúba |
| Bás | 1972 40/41 bliana d'aois La Habana, Cúba |
| Siocair bháis | Stailc ocrais (Ocras) |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Havána |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | file, ceardchumannaí |
| Teangacha | An Spáinnis |
File agus easaontach Cúbach ab ea Pedro Luis Boitel (1931 – 25 Bealtaine 1972), a throid i gcoinne rialtais Fulgencio Batista agus Fidel Castro araon.[1] Sa bhliain 1961, ghearr an réimeas cumannach pianbhreith deich mbliana i bpríosún air. Fuair Boitel bás le linn stailc ocrais sa bhliain 1972 nuair a bhí sé i ngéibhinn.[1]
Roimh an réabhlóid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Pedro Luis Boitel i ngnáth-theaghlach [1] agus rinne sé staidéar in Ollscoil Havana (Spáinnis: Universidad de La Habana) agus ag an am céanna d'oibrigh sé freisin mar theicneoir raidió.[1] Sna 1950í chuir Boitel i gcoinne rialtas Fulgencio Batista agus chuaigh sé ar deoraíocht i Veiniséala, áit ar chabhraigh sé le Rómulo Betancourt ina chuid iarrachtaí chun rialtas míleata Mharcos Pérez Jiménez a threascairt, trí stáisiún raidió bradach a bhunú sa tír sin.[1]
Tar éis na Réabhlóide Cúbaí, d'fhill Boitel ar Cúba agus d'atosaigh sé a chuid staidéar in Ollscoil Havana.[1] Sa bhliain 1959, b'iarrthóir é sa toghchán le haghaidh uachtaránacht Chumann na Mac Léinn ( Spáinnis: Federación Estudiantil Universitaria; FEU) le tacaíocht ón eagraíocht Movimiento 26, de Julio aige.[1] Cé go raibh Fidel Castro i gceannas na gluaiseachta seo, bhain Castro agus na ceannairí réabhlóideacha eile a gcuid tacaíochta ó Bhoitel. Rinne Castro idirghabháil phearsanta sa toghchán ar an Ollscoil chun Boitel a bhaint d'uachtaránacht an FEU.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 4 5 6 7 8 "Foreword to 'Boitel Vive'". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-11-14. Dáta rochtana: 2010-02-25.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Brollach 'Boitel Vive' Curtha i gcartlann 2013-11-14 ar an Wayback Machine Gabriel Salvia y Hans Blomeier
- Scéal Phedro Luis Boitel Curtha i gcartlann 2018-09-04 ar an Wayback Machine