Peatsaí Ó hEadhra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPeatsaí Ó hEadhra

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith11 Iúil 1957
Doire, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás21 Bealtaine 1981
23 bliana d'aois
An Cheis Fhada, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisFéinmharú (Ocras)
Gníomhaíocht
Gairmréabhlóidí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Poblachtach Sóisalach na h-Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm Saoirse Náisiúnta na hÉireann
Croineolaíocht
1 Márta 1981-3 Deireadh Fómhair 1981Stailc ocrais 1981 Cuir in eagar ar Wikidata

Find a Grave: 6904866 Cuir in eagar ar Wikidata
Cuimhneachán, Doire

Bhí Peatsaí (nó Pádraig) Ó hEadhra (Patsy O'Hara) (11 Iúil 1957-21 Bealtaine 1981) ar dhuine de na Poblachtánaigh Éireannacha a chuaigh ar céalacan le linn stailc ocrais na bliana 1981. Bhí sé ina bhall d'Arm Fuascailte Náisiúnta na hÉireann, nó an tINLA.

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saolaíodh Peatsaí Ó hEadhra i Sráid an Easpaig i nDoire é, agus Peggy O'Hara ainm dá mháthair. Chuaigh sé i bhFianna na hÉireann sa bhliain 1970. Sa chéad bhliain eile, himtheorannaíodh a dheartháir ar an gCeis Fhada.

Nuair a bhí an bhliain 1971 ag druidim chun deireanais, ghortaigh piléar Gallda é ag baracáid sráide. Gortaithe is mar a bhí sé (in aois 14), ní raibh Peatsaí ábalta páirt a ghlacadh i mórshiúl Dhomhnach na Fola. Ach bhí sé ag amharc ar lucht na máirseála nuair a chuaigh siad thar bráid, agus chuaigh imeachtaí an lae go mór i bhfeidhm air.

IRSP / INLA[cuir in eagar | athraigh foinse]

Arm Fuascailte Náisiúnta na hÉireann

I Mí Dheireadh Fómhair 1974, himtheorannaíodh Peatsaí Ó hEadhra ar an gCeis Fhada. Nuair a scaoileadh saor leis arís, in Aibreán 1975, chuaigh sé i bPáirtí Poblachtach Sóisialach na hÉireann (an tIRSP) agus in Arm Fuascailte Náisiúnta na hÉireann (an tINLA).

Gabhadh Peatsaí i nDoire i Meitheamh 1975 (in aois 17), agus coinníodh istigh ar athchur é ar feadh leathbhliana.

I Mí Mheán Fómhair 1976, gabhadh arís é, agus coinníodh ar athchur é ar feadh cheithre mí eile.

Chuaigh Peatsaí Ó hEadhra go Baile Átha Cliath, agus shocraigh sé síos ansin. Bhí sé ina bhall gníomhach d'Ard-Chomhairle an IRSP. Ar an 10 Bealtaine 1978, gabhadh an t-ógánach i Sráid Uí Chonaill faoi Alt 30 den Acht um Choireanna i gcoinne an Stáit. Ach scaoileadh chun siúil arís é i gceann ocht n-uaire déag.

D'fhill sé go Doire in Eanáir 1979, áit a raibh sé gníomhach san INLA.

comóradh 25 bliain i nDún na nGall: Bobby Sands, (27), Francis Hughes (25) , Raymond McCreesh, (24), Patsy O'Hara (23), Joe McDonnell (30), Martin Hurson (29), Kevin Lynch (25), Kieran Doherty (25), Thomas McElvee (23), Michael Devine (27)

Ceis Fhada[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 14 Bealtaine 1979, gabhadh é. In Eanáir 1980. Bhí gránáid láimhe aige ag an am. Daoradh chun ocht mbliana príosúnachta é, i gCeis Fhada. Chuaigh sé "ar an mblaincéad", áit a raibh a dheartháir Antoine cheana féin, agus é ar an mblaincéad roimhesean.

Nuair a thosaigh an chéad stailc ocrais sa bhliain 1980, rinneadh Oifigeach Ceannasach na bpríosúnach ón INLA de, agus ar an 22 Márta 1981, chuaigh sé féin ar céalacan mar dhuine acu siúd a bhí le bás a fháil i mór-stailc ocrais na hÉireann.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déardaoin, an 21 Bealtaine, ag a 11.29 iarnóna, shíothlaigh Peatsaí Ó hEadhra i ndiaidh aon lá is trí scór a chaitheamh ar céalacan. Ní raibh sé ach trí bliana fichead d'aois.

B'iad na focail dheireanacha a chualathas a rá é ná "Go leantar leis an gcath!"

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]