Peadar Ó Dubhda

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPeadar Ó Dubhda
Beathaisnéis
Breith1881
Bás1971
89/90 bliana d'aois
Gníomhaíocht
TeangachaAn Ghaeilge

Rugadh Peadar Ó Dubhda i gCrois an Mhaoir, Contae Lú, ar an 29 Meitheamh, 1881.[1][2]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Ó Dubhda ar an 29 Meitheamh, 1881. Bhí a athair ina bhall de Chonstáblacht Ríoga na hÉireann, a tháinig ón Iarmhí ó dhúchas. Ní raibh mórán oideachais foirmiúla aige, ach tá a fhios againn gur fhreastal sé ar cúig bhunscoil ina óige. B'é a chéad scoil na 'Roche School', agus b'é a mhúinteoir ná Dan Murray. Chaith sé a chuid ama ansin i Shelagh School (Gaeilge: Scoil Shéalach), agus ansin bhí sé ag freastal ar Annavackey School.[3] Bhí an scoil seo a reáchtáil ag an tiarna talún logánta agus bhí idir páistí Protastúnacha agus Chaitliceacha ag freastal uirthi. B'é an t-uasal James Garvey a mhúinteoir, agus bhí Garvey fostaithe ag an tiarna talún. Domhnach amháin, fógraíodh ón altóir nach raibh sé de chead ag Caitlicigh freastail ar an scoil. Seo mar a d'inis Peadar é:

"D'fhógair an sagart ón altóir i Séalach go raibh Órdú (ó na hÁiteacha Arda) ann an scoil a dhúnadh agus a dhruid. Tríd an bainisteoir a tháinig an t-ordú. Cha raibh sé ceadaithe ag Caitlicigh óga bheith ag meascadh le 'hAlbanaigh'. goil an drochscéal an croí ionainn, óir ba chomrádaithe geala deas-mhúinte iad 's gan a dhath eadrainn mar Chríostaithe ach an leath-uair de shaoirse aca-san 's an Caiticeasma againn. Coming out after Mass we noticed old James Garvey (the master) was wiping a few tears from his eyes. His daughter was crying too. 'Briseadh go deo air is gan leith-phinghin de phinsean".

Maidin gheimhridh, fuarthas an tUasal James Garvey marbh, ar thaobh an bhealaí mhóir agus é reoite chuig an talamh. Chaith Peadar roinnt ama ansin i Drumsinnot School, áit ina raibh an máistir Casey agus Miss Murray (monatóir) ag teagasc.

Bhog an chlann uilig go Baile na Trá i nDún Dealgan sa bhliain 1893 agus thosaigh Peadar i bhunscoil na mainistreach (The Friary National School), agus an bhliain dár gcionn bhí a bhunscolaíocht go léir críochnaithe aige. Fuair sé obair mar bhuachaill siopa i siopa búistéara 'Donnelly's Butchers' ar Bhóthair an Droichid. Chuaigh sé ag obair i siopa bróg 'Murphy Brothers' ina dhiaidh sin agus níos déanaí fós mar fhear seachadta sa chomhlacht 'Laverett & Frye'. Bhí air earraí a sheachadadh as stóras le chapall agus trucail. Thug an obair seo deis dó aithne a chur ar dhaoine scothaosta an cheantair, agus bhí Gaeilge ag roinnt acu siúd a bhí tagtha ó dheisceart Ard Mhacha nó ó dheisceart Mhuineacháin.

Dé Dómnaigh, an 17 Meán Fómhair, sa bhliain 1899, bunaíodh 'Craobh Dhún Dealgan' de chuid an chonartha (.i. Conradh na Gaeilge), tar éis cruinniú mór a bheith ar siúl in Halla an Bhaile. D'fhág Peadar cuntas dúinn ar an eachtra seo;

"Bhí an halla gléasta le bratacha agus craobhacha glasa agus bhí a lán rosc-catha scríofa thart ar na ballaí agus bhí 'Céad Míle Fáilte' i litreacha móra ós cionn an ardáin."

Chuaigh na heachtraí seo i gcion ar Pheadar agus luí sé isteach ar an Ghaeilge a fhoghlaim. Ceapadh Peadar ina Mhúinteoir Taistil sa bhliain 1905.

Árd Fheis an Chonartha, i nDún Dealgan, 1915[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deir Peadar an méid seo; "Chuir 1915 an dlaoi mhullaigh ar an spiorad náisiúnta le linn an Oireachtais i nDún Dealgan nuair a cheanglaíodh cúis na teangan le cúis airm agus óglach. As sin amach anuas bhí an briathar 'na ghníomh agus an gníomh d'réir an bhriathair". Níor aontaigh Dubhghlas de hÍde, ná baill áirithe eile an Chonartha leis an chinneadh seo, mar nach raibh siad i bhfabhar an ghluaiseacht chultúrtha a athrú go dtí gluaiseacht pholaitiúil. D'éirigh de hÍde as an gConradh ag an Ard-Fheis seo.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Maynooth and Our National Language,Dia agus Ár dTírín -- Duilleagán a II, 1943
  • An Labhrann Tú Go Soiléir? An t-Údar a chuir amach, 1941
  • Rannta Ceoil agus Rinncí,Preas Dún Dealgan, 1936
  • Stair na Craoibhe, Coisde na Craoibhe, 1940
  • Tómhaiseanna agus Ceisteanna Grinn do'n Aos Óg, Oifig an tSoláthair, 1948
  • Siamsa chois teineadh, Oifigan tSoláthair, 1951
  • Lá na cúirte agus dhá eachtra eile, Lucht Choláisde Bhrighde, 1924
  • Brian
  • An t-ógánach ceann-órdha agus scéalta eile, Oifig an tSoláthair, 1939
  • Thríd an fhuinneoig, Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1936

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]