Peadar Rís

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPeadar Rís
Beathaisnéis
Breith16 Meitheamh 1935
Dún Dealgan, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás25 Deireadh Fómhair 1992
57 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse inchinne)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Banríona, Béal Feirste
Imperial College London Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairminnealtóir sibhialta, innealtóir struchtúr, údar Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhraincis
Gradam a fuarthas

Musicbrainz: 1ab4160d-faa7-49a8-9a20-86061df1282b Cuir in eagar ar Wikidata

Innealtóir struchtúr as Éirinn ab ea Peadar Rís, nó Peter Rice (16 Meitheamh 193525 Deireadh Fómhair 1992). Thóg sé Áras Ceoldrámaíochta Sydney, i measc mórshaothair éagsúla eile

Thóg an Ríseach Áras Ceoldrámaíochta Sydney

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh an Ríseach i nDún Dealgan agus chaith sé formhór a chuid óige idir bhaile Dhún Dealgan agus sráidbhailtí Cé Giles agus Inis Caoin.[1] Fuair sé bunoideachas ó na Bráithre Críostaí ina bhaile dúchais. Chuaigh sé ar mheánscoil go Coláiste Dhroichead Nua. Bhain sé amach céim in Innealtóireacht Shibhialta in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Chaith sé bliain ina dhiaidh sin ag staidéar in Imperial College, Londain.

Oibreacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é díon Áras Ceoldrámaíochta Sydney an chéad phíosa oibre a tugadh don Ríseach nuair a thosaigh sé le comhlacht innealtóireachta Ove Arup. Chaith sé seacht mbliana ar an tionscadal seo. Nuair a dhear an t-ailtire ar dtús é, cheap daoine go mbeadh sé ródheacair an foirgneamh a thógáil. Innealtóir as Éirinn, darb ainm Peter Rice[2], a d’oibrigh amach conas Áras Ceoldrámaíochta Sydney a thógáil.[3] Ceapadh é mar phríomhinnealtóir i bhfeighil na hoibre in aois 28. Bhain sé cáil mhór amach dá bharr

D'obair an Ríseach ina dhiaidh sin ar mhórán foirgintí cáiliúla eile ar fud an domhain, mar shampla Centre Pompidou i bPáras, Aerfort Stansted sa Bhreatain agus Aerphort Kansai sa tSeapáin.

Aerfort Stansted

Bás agus tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 1992 bronnadh ar an Ríseach an Bonn Óir Ríoga d'ailtireacht ag an Royal Insititute of British Architects – an dara Éireannach agus an dara innealtóir a bhuaigh sin.

Sa bhliain 1991, mhínigh saineolaithe leighis do Rice gur meall san inchinn ba chúis leis an tinneas a bhí air agus nach mairfeadh sé mórán le cúpla mí. Fuair an Ríseach bás i 1992 in aois 57 dó.

Tá leacht cuimhneacháin curtha suas ar an dteach ina rugadh é, 52 Bóthar an Chaisleáin, Dún Dealgan. Tá duaiseanna innealtóireachta ainmnithe ina dhiaidh, mar shampla Peter Rice Prize in Harvard University Graduate School of Design. Ceann eile ná Peter Rice Trophy ag Údaráis Áitiúla Lú, a bhuaigh DkIT i 2006 don tuirbín gaoithe.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Peadar Rís (Peter Rice)– Innealtóir Cáiliúil ó Dhún Dealgan | DkITimes". dkitimes.dkit.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-10-23. Dáta rochtana: 2020-10-20.
  2. "Peter Rice" (as en) (2020-09-19). Wikipedia. 
  3. COGG (12 Feabhra 2014). "Eureka, Imleabhar 10, Eagrán 14,". Dáta rochtana: 2020.