Peadar Ó Treasaigh
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | An Spidéal, Éire |
| Bás | 28 Feabhra 2026 |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | aisteoir |
| Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Aisteoir as an Spidéal ba ea Peadar Ó Treasaigh nó Peter (Petie) Treacy ( - 28 Feabhra 2026),[1] ar dhuine de na haisteoirí is aitheanta i saol na Gaeilge ó na 1990idí - 2010idí.[2] Bhí páirteanna, idir bheag agus mhór, aige i roinnt mhaith cláracha teilifíse agus scannán ó cuireadh tús ceart le tionscadal closamhairc na Gaeilge i lár na 1990idí. "Bhí sé ildánach mar aisteoir, glór den scoth aige agus buanna aige ó thaobh grinn agus an ábaltacht aige maireachtáil i pé bith ról a ghlac sé air féin."[3]
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí ról aige mar an sagart, an tAthair Éamonn, i Ros na Rún a chuimhneodh lucht féachana teilifíse ar Ó Treasaigh, ról a bhí aige ar feadh tuairim is 20 bliain.
Bhí aithne mhaith ar Ó Treasaigh mar gheall ar an bplé a bhí aige – idir aisteoireacht agus léiritheoireacht – leis an gcompántas áitiúil drámaíochta Aisteoirí an Spidéil. Bhí baint aige leis an gcompántas le caoga bliain anuas mar aisteoir, léiritheoir, agus dearthóir seiteanna.
Ba é a bhí i ról ‘Máirtín Crosach’ sa scannán bunaithe ar Cré na Cille a stiúir Bob Quinn in 2007, bhí sé sa scannán Kings a eisíodh an bhliain chéanna agus i ról ‘Micil Flaherty’, agus bhí sé ina shagart arís sa scannán An Bronntanas a tháinig amach in 2014. Ba é an scéalaí sa scannán beathaisnéise faoin amhránaí sean-nóis Joe Éinniú, A Song of Granite, a rinneadh in 2017 freisin.
Ó thaobh na teilifíse de, ba mhinic ar chláracha TG4 é. Chomh maith lena chuid oibre ar Ros na Rún, bhí róil ag Ó Treasaigh sa tsraith iomráiteach do dhéagóirí Aifric, agus bhí sé le feiceáil in Na Cloigne (2010), Seachtar na Cásca (2010), Scéal (2013), Corp + Anam (2014) agus An Klondike (2015). Ba é a léirigh an phearsa stairiúil Mícheál Ó Cathasaigh sa scannán faisnéise Murdair Mhám Trasna (2018) freisin.
Bhí Ó Treasaigh i gcliar an dráma Cúigear Chonamara leis an drámadóir Mícheál Ó Conghaile nuair a céadléiríodh é sin in 2003. Bhí sé in Go dTaga do Ríocht leis an drámadóir céanna in 2008, agus in Maum le Macdara Ó Fátharta in 2015.
Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba as Baile an Domhnalláin ar an Spidéal ó dhúchas é agus bhí cónaí air i mBaile Éamoinn sa cheantar céanna le fada.
Bhásaigh sé ar an 28ú Feabhra 2026, go suaimhneach in Ospís na Gaillimhe. Maireann a bhean Máirín, a mac Máirtín agus a n-iníon Orla. Tá sé i Reilig Réalt na Mara sna Forbacha é.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ rip.ie (2026). "Death Notice of Peter (Petie) Treacy (Spiddal, Galway) | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2026-03-07.
- 1 2 "‘Chreid an lucht féachana i pé carachtar a chuir Petie os a gcomhair’ – an t-aisteoir aitheanta Peadar Ó Treasaigh ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie (2026-03-03). Dáta rochtana: 2026-03-06.
- ↑ An Taibhdhearc (3 Márta 2026). "facebook.com". Dáta rochtana: 7 Márta 2026.