Peadar Ó Doirnín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bhí Peadar Ó Doirnín (timpeall ar 1700-1769) ar duine de na filí ba mhó clú i gCúige Uladh san ochtú haois déag. Is le traidisiún filíochta agus amhránaíochta Oiriall a shamhlaítear é, cosúil le hArt Mac Cumhaigh, Cathal Buí Mac Giolla Ghunna agus Séamas Dall Mac Cuarta. D'fhéadfá a rá gur cuid d'Éirinn faoi cheilt a bhí ann, mar a déarfadh Dónall Ó Corcora, is é sin, ar thraidisiún Gaelach na filíochta in Éirinn i ré na bpéindlíthe.

Eisean a chum na hamhráin cháiliúla úd Úrchnoc Chéin Mhic Cáinte agus Lon Dubh Dhoire an Chairn. Luaitear Mná na hÉireann leis freisin, ach is é tuairim Sheáin de Rís chomh maith le scoláirí áirithe eile nárbh eisean a chum é, ach gurbh é Nioclás Ó Cearnaigh a scríobh an ceann sin agus a chuir i leith Pheadair Uí Dhoirnín é. Sin é an tuige gur fhág de Rís an ceann sin ar lár as a bhailiúchán féin a foilsíodh sa bhliain 1969.

Bhí Peadar Ó Doirnín ina mhúinteoir i scoil chois claí tamall ach deirtear go bhfuair sé bata agus bóthar as an bpost sin toisc gur bhain na tagairtí collaí in Úrchnoc Chéin Mhic Cáinte geit as na daoine.

Léitear a chuid saothair i gcónaí sna scoileanna agus sna hollscoileanna fud fad na hÉireann, agus chuaigh an tÚrchnoc ar fud an domhain mar amhrán.

Tá sé adhlactha i reilig Urnaí i bhFoirceal taobh amuigh de Dhún Dealgan i gContae Lú, i bhfad ar shiúl ó aer an tsaoil.

Leabhair[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Peadar Ó Doirnín, faoi eagar ag Seán De Rís, 1969
  2. Peadar Ó Doirnín: Amhráin, faoi eagar ag Breandán Ó Buachalla, 1969