Peadar-Tom Mercier
| Gníomhaíocht | |
|---|---|
| Gairm | ceoltóir, fidléir |
| Seánra | Ceol na hÉireann agus ceol traidisiúnta na hÉireann |
| Uirlis | Bodhrán agus veidhlín |
Is ceoltóir, teagascóir, cumadóir, Gaeilgeoir, veidhleadóir, giotáraí, bodhránaí agus boscadóir as an gCeathrú Rua i gConamara é Peadar-Tom Mercier. Tá sé ina bhall den chomharghrúpa Gliogar agus den bhanna ceoil Trá Pháidín.
Tá Peadar Tom ina theagascóir ceoil uirlise, ag freastal ar scoileanna fud fad Chonamara, le roinnt blianta anuas.
Bronnadh sparánacht chónaitheachta an Centre Culturel Irlandais agus Ealaín na Gaeltachta 2025 ar Pheadar Tom Mercier. Is sparánacht í seo a thugann deis d’ealaíontóirí Gaeltachta, a bhíonn ag obair trí mheán na Gaeilge, mí a chaitheamh sa Centre Culturel Irlandais i bPáras. Seo í an 6ú bliain a bhfuil Ealaín na Gaeltachta, i gcomhar leis an Centre Culturel Irlandais, ag cur an mhaoinithe ar fáil. Cuireann an Centre Culturel Irlandais 50 cónaitheacht in aghaidh na bliana ar fáil, i gcomhar le heagraíochtaí éagsúla. Bhronn siad cónaitheacht ar ealaíontóir Gaeltachta eile freisin – an ceoltóir consairtín iomráiteach Cormac Begley, arb as Corca Dhuibhne dó.
Spreag a shloinne téama na hoibre atá beartaithe aige a dhéanamh sa Centre Culturel Irlandais. Nuair a bhí sé ina pháiste, shíl sé gur Francaigh ó dhúchas a bhí ina mhuintir mar gheall ar an sloinne neamhghnách atá air, ach ní mar a shíltear a bhítear. Beidh sé ag obair ar phíosaí ceoil do shaothar nua le Trá Pháidín ar théama na strainséarthachta nó “blow-in-ism” agus ar théamaí barúlacha féiniúlachta agus náisiúnachais na nÉireannach sa bhaile agus thar sáile.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoi dhuine Éireannach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |