Matamaiticeoir is státaire Francach ab ea Paul Painlevé (5 Nollaig1863 – 29 Deireadh Fómhair1933). Príomh-aire i 1917. Tháinig sé le bheith ina cheannaire le Herriot ar an gcomhaontas clé i 1924, is ina phríomh-aire arís i 1925. Rinne sé saothar matamaiticiúil ar chothromóidí difreálacha. Rugadh i bPáras é agus fuair sé bás sa chathair sin freisin.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.