Paul Langevin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí is ceimicí a rugadh i bPáras ab ea Paul Langevin (1872-1946). Cáiliúil as a thaighde ar theoiric leictreonach an mhaighnéadais — inar léirigh sé an gaol idir gluaisne paraimaighnéadach adamh is a ndearbhtheocht, agus ar réamhinis an sáithiú paramaighnéadach a d'fhionn Onnes i 1914—agus sonóir chun fomhuireáin a bhrath is a aimsiú.