Paul Durcan
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 16 Deireadh Fómhair 1944 Baile Átha Cliath, Éire |
| Bás | 17 Bealtaine 2025 80 bliana d'aois |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Gonzaga Coláiste Mhichíl |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | file, scríbhneoir |
| Fostóir | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath |
| Ball de | |
| Teangacha | Béarla agus an Ghaeilge |
Gradam a fuarthas
| |
File as Baile Átha Cliath agus Contae Mhaigh Eo[1] ba ea Paul Durcan (16 Deireadh Fómhair 1944 - 17 Bealtaine 2025).[2][3][4][5][6]
Bhí sé ar dhuine de na filí is aitheanta i litríocht chomhaimseartha na hÉireann, agus bhí clú air as a ghuth sardónach, greannmhar agus polaitiúil.[7]

Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireadh oideachas ar Durcan i gColáiste Gonzaga, BAC.
Sa bhliain 1964, in aois 19 dó, agus de réir ordú dochtúra, cuireadh Durcan faoi dhianchúram a theaghlaigh, a bhí buartha faoina shláinte mheabhrach; bhí droch-chaidreamh aige lena athair i gcónaí. Gabhadh é i dtigh tábhairne agus cuireadh é faoi dhianchúram in ospidéal Naomh Eoin le Dia i mBaile Átha Cliath, agus ina dhiaidh sin i Londain. Tugadh cóireáil turrainge theiripe leictri-thritheamhach, barbatúráití agus Mandrax dó. D'fhulaing sé go huafásach ach bhí sé buíoch go raibh sé in ann lobatóime a sheachaint.
Agus Durcan fós i Londain sa bhliain 1966, thosaigh sé ag obair leis an North Thames Gas Board. D'éirigh sé an-mhór le Patrick Kavanagh agus é ann. Phós Kavanagh ar an 15 Aibréan 1967 agus reáchtáladh an bhainis i mbaile Eoin agus Joan Ryan. Chas Durcan le haoi eile, Nessa O'Neill ar an lá sin agus phós siad an bhliain dár gcionn.
Bhronn Coláiste na hOllscoile, Corcaigh céim sa tseandálaíocht agus stair mheánaoiseach ar Durcan in 1974. An bhliain chéanna, bhain Durcan duais Patrick Kavanagh amach. Bronnadh Duais Whitbread air sna nóchaidí (don leabhar Daddy, Daddy) agus i mí na Samhna 2014, bhain sé Gradam Bhord Gáis na bliana, The Bob Hughes Lifetime Achievement Award. Bhí sé mar bhall d'Aosdána.
Scar Durcan óna bhean Nessa O'Neill sa bhliain 1984. Scríobh Durcan an dán "Nessa"[8] (roghnaíodh é ar chúrsa na hArdteiste sna 2020idí) i bhfad roimhe sin; d’fhoilsigh sé é sa chnuasach O Westport in the Light of Asia Minor, a tháinig amach sa bhliain 1975.
Bhí Durcan tinn le fada sna 2020idí agus bhásaigh sé ar an 17 Bealtaine 2025 i dteach altranais. Maireann Nessa O'Neill agus a gclann Sarah, Síabhra, agus Michael.
Cuireadh é i reilig na Nuachabhála i gCo Mhaigh Eo.
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Endsville, le Brian Lynch (New Writers Press, 1967)
- O Westport in the Light of Asia Minor (Anna Livia Press, 1975)
- Sam's Cross (Profile Press, 1978)
- Teresa's Bar (Gallery Press, 1976; agus Gallery Press, 1986)
- Jesus, Break his Fall (Raven Arts Press, 1980)
- Ark of the North (Raven Arts Press, 1982)
- The Selected Paul Durcan (eag. Edna Longley, Blackstaff Press, 1982)
- Jumping the Train Tracks with Angela (Raven Arts Press/Carcanet New Press, 1983)
- The Berlin Wall Café (Blackstaff Press, 1985)
- Going Home to Russia (Blackstaff Press, 1987)
- Daddy, Daddy (Blackstaff Press, 1990)
- Crazy About Women (National Gallery of Ireland, 1991), leabhar breá ag Durcan ar na pictiúir atá i nDánlann náisiúnta[9]
- A Snail in My Prime: New and Selected Poems, (Harvill Secker / Blackstaff Press, 1993)
- Give Me Your Hand (MacMillan, 1994)
- Christmas Day (Harvill Press, 1997)
- Greetings to Our Friends in Brazil (Harvill Press, 1999)
- Cries of an Irish Caveman (Harvill Press, 2001)
- The Art of Life (Harvill Press, 2004)
- The Laughter of Mothers (Harvill Press, 2007)
- Life Is a Dream: 40 Years Reading Poems 1967-2007 (Random House UK, 2009)
- Praise In Which I Live And Move And Have My Being (Harvill Secker, 2012)
- The Days of Surprise (Harvill Secker, 2015)
- Wild, Wild Erie: Poems Inspired by Paintings and Sculpture in the Toledo Museum of Art, Ohio (Toledo Museum of Art, 2016)
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Paul Durcan (CLG), cúl báire Dhún na nGall
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cartlann Paul Durcan sa Leabharlann Náisiúnta. Agallamh le Gearóid Ó Lúing
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Paul Durcan's Mayo" (en). RTE Radio (1982-01-09). Dáta rochtana: 2025-05-20.
- ↑ "Death Notice of Paul Durcan (Ringsend, Dublin) | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2025-05-20.
- ↑ "Condolence Book for Paul Durcan (Ringsend, Dublin) | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2025-05-20.
- ↑ Raidió na Life. "Cartlann Paul Durcan sa Leabharlann Náisiúnta - Agallamh le Gearoid Ó Lúing" (as ga-IE).
- ↑ nli.ie / Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (2025). "Paul Durcan Papers / Collection List No. 144". Dáta rochtana: 2025.
- ↑ BBC Sounds. "Blas - Alan Titley ar Paul Durcan" (ga-IE). www.bbc.co.uk. Dáta rochtana: 2025-05-20.
- ↑ The Telegraph Obituary (2025-05-19). "Paul Durcan, Irish poet who examined the Troubles and gave intense public readings" (en-GB). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2025-05-19. Dáta rochtana: 2025-05-20.
- ↑ "Nessa, a poem by Paul Durcan" (en). RTE Radio (2024-10-20). Dáta rochtana: 2025-05-20.
- ↑ Alan Titley (31 Iúil 2024). "Fíorbheagán d’fhilí na Gaeilge a ghabhann i ngleic leis an saol máguaird, ní mar sin do Ghabriel Rosenstock" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-05-20.