Patsaí Dan Mac Ruaidhrí, Rí Thoraí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPatsaí Dan Mac Ruaidhrí, Rí Thoraí

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith12 Márta 1944
Rae an Iarthair, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Deireadh Fómhair 2018
74 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpéintéir Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinpatsydanrodgers.littleireland.ie… Cuir in eagar ar Wikidata

Péintéir, ceoltóir agus Rí Thóraí[1] ab ea Patsaí Dan Mac Ruaidhrí (12 Márta 1944 i mBaile Átha Cliath - 19 Deireadh Fómhair 2018).[2] Bhí Patsaí Dan ar dhuine de mhórphearsana shaol na Gaeltachta agus na Gaeilge go dtí na 2010idí. Bhí aithne i bhfad agus i ngearr air mar ealaíontóir, mar cheoltóir, mar fheachtasóir agus mar ambasadóir do na hoileáin amach ó chósta Dhún nan Gall.[3] B’fhear Gaeltachta go smior é a raibh a chroí agus a anam i dteanga, i gcultúr agus in oidhreacht Thoraí.[4]

carr "Rí Thorraigh"

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh i Rae an Iarthair, Baile Átha Cliath i 1944, né Patrick Joseph Enright. Bhog sé go dtí an t-oileán nuair a d’uchtaigh teaghlach as Toraigh é agus é ceithre bliana d’aois. Athraíodh a shloinne go hoifigiúil ó Enright go Mag Ruaidhrí nó Rodgers, nuair a bhí Patsaí ceithre bliana déag d’aois.[5]

Rinne a athair roinnt curach agus chaith sé féin agus Patsaí blianta fada ag iascaireacht i gcuideachta a chéile. Níos déanaí, bhí an ealaín mar chuid thábhachtach d’ioncam Phatsaí, go háirithe ó 1993 i leith nuair a rinneadh Rí de, rud a chuir lena chlú go mór.[5] Teideal oinigh a bhí ann ach ghlac Patsaí go fonnmhar leis an teideal agus sna blianta a lean, d’imíodh sé síos chun na cé le fáilte a chur roimh na turasóirí a thagadh isteach ar cuairt go Toraigh. Is beag duine a thug cuairt ar an oileán sna 1990idí2000idí nach raibh scéal acu faoin bhfáilte fhial a chuir an Rí rompu.[3] Idir a róil mar Rí, mar cheoltóir, mar ealaíontóir agus mar agóidí bhain sé aitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta amach dó féin.[5]

West town, Toraigh

Péintéir agus ceoltóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó 1958 ar aghaidh, thugadh an t-ealaíontóir Sasanach Derek Hill cuairteanna bliantúla ar Thoraigh. Le linn na gcuairteanna sin, spreag sé agus thug chun cinn glúin úr de phéintéirí óga. ‘Scoil Phéintéireachta Thoraí’. Chuir Patsaí Dan féin go mór leis an gcultúr ar an oileán mar dhuine d’ealaíontóirí ‘scoil phéintéireachta Thoraí’, ó na 1960idí i leith.[6]

Thug Patsaí le fios i gclár faisnéise raidió a craoladh ar RTÉ go raibh comhfhreagras ar bun idir é féin agus Prionsa Charles na Breataine faoi chúrsaí ealaíne.[7] Dúradh ar an gclár gur thug an Prionsa, a raibh Derek Hill mar mhúinteoir ealaíne aige chomh maith, le fios don Rí gurbh é mian a chroí cuairt a thabhairt ar oileán Thoraí.[3]

Bhí clú tuillte ag Patsaí Dan mar bhocsadóir ceoil – ceird a d’fhoghlaim sé ón oileánach Pól Mag Ruairí.

Feachtasóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fear gnímh ab ea Patsaí Dan, a ghlac páirt i mórán feachtas ar son mhuintir Thoraí agus na n-oileán.Bhí sé ar dhuine de na daoine ba mhó a raibh baint acu leis an bhfeachtas i gcoinne athlonnú mhuintir Thoraí go dtí an mhórthír i 1974, tráth a raibh briseadh cumhachta ar an oileán ar feadh dhá mhí, agus is mó feachtas a ghlac sé páirt ann ó shin.[3]

Ba é an ceann deireanach ar ghlac sé páirt ann ná an feachtas i dtaobh cheist chonspóideach sheirbhís farantóireachta Thoraí.[8]

I mí Feabhra na bliana 2018, an bhliain a bhfuair sé bás, bhí Patsaí Dan ar dhuine de na ceoltóirí a thionlaic slua mór chomh fada le geataí na Dála mar chuid d’agóid faoin tseirbhís.

Pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní raibh scríobh na Gaeilge ag Patsaí. Sa bhliain 2013 d’fhiafraigh sé de chara leis, A.J. Hughes (scoláire i mBéal Feirste), cuidiú leis scéal a bheatha a chur ar pár. Sna cúig bliana a lean chuireadh Hughes agallaimh rialta ar Phatsaí Dan faoina shaol pearsanta féin agus faoi shaol an oileáin chomh maith leis an seanchas agus na traidisiúin a bhain le Toraigh.[9][10]

Bhí ceathrar clainne ag Patsaí Dan agus a bhean, Caitlín.

Patsaí Dan ar dheisː Máistreacht Oinigh sa Cheol ó Ollscoil Uladh, Coláiste Mhig Aoidh, Doire (1992)

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Rí Thoraí" (en). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2021-10-19.
  2. Mag Ruaidhrí nó Patsy Dan Rodgers, King of Tory
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 "Rí Thoraí, Patsaí Dan Mac Ruaidhrí, tar éis bháis" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-10-19.
  4. Féach / RTÉ (1974). "Intriguing Tory Island" (ga). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2021-10-19.
  5. 5.0 5.1 5.2 "MAG RUAIDHRÍ, Patsaí Dan (1944–2018)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2021-10-19.
  6. RnaG (2014). "Patsaí Dan Mac Ruairi, Rí Thoraigh" (ga). RTE Radio. Dáta rochtana: 2021-10-19.
  7. "Patsaí Dan Mac Ruairí – Rí Thoraí | RTÉ Presspack". presspack.rte.ie. Dáta rochtana: 2021-10-19.
  8. RTÉ (1993). "Tory Island Ferry Service" (ga). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2021-10-19.
  9. Gail Bell (2018-03-24). "King of Tory Patsy Dan Rodgers hopes book can put remote island on the map" (en). The Irish News. Dáta rochtana: 2021-10-19.
  10. "Clólann Bheann Mhadagáin - Foilseacháin - Rí Thoraí: ó Chathair go Creig". benmadiganpress.com. Dáta rochtana: 2021-10-19.