Jump to content

Patrick M. Foley

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPatrick M. Foley
Beathaisnéis
BreithCorca Dhuibhne Cuir in eagar ar Wikidata
Bás22 Lúnasa 1931

Sallisaw, Oklahoma Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisDúnbhású
Gníomhaíocht
Gairmstaraí, scríbhneoir, náisiúnaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

Staraí, náisiúnaí agus scríbhneoir gan iomrá as Corca Dhuibhne ba ea Patrick M. Foley (c. 1864 - 22 Lúnasa 1931). D’fhoilsigh an Ciarraíoch dhá leagan thábhachtacha de stair Chorca Dhuibhne agus na mBlascaodaí ag tús an fhichiú aois.[1] Fear fánach ba ea Foley agus adhlacadh é in uaigh na mbochtán in Sallisaw, Oklahoma, i bhfad ó bhaile agus óna mhuintir féin.

Cathair Dheargáin

Rugadh Foley i gCathair Dheargáin, baile fearainn atá ar an taobh ó thuaidh den leithinis sa Leitiriúch — nó taobh thíos den gcnoc, mar a deirtear sa cheantar, agus is é Cnoc Bhréanainn atá i gceist acu. Ba shiúinéir oilte ab ea é, agus bhí sé aitheanta mar staraí sa cheantar.

Toghadh é ar an gcomhairle áitiúil, Board of Guardians, agus bhí sé pósta agus beirt mhac air. Bhí cáil air freisin de bharr go raibh sé glan in éadan na dí agus, de réir fianaise na ngearrthóga ón leabhar a taispeánadh, bhí stíl scríbhneoireachta aige a bhí inléite agus bláfar.

Sa bhliain 1909, tar éis gur chaill sé a shuíochán ar an gcomhairle sin, bheartaigh sé dul go Meiriceá agus d’imigh sé leis is d’fhan a bhean is a pháistí sa bhaile. Bhí comhartha ceiste faoi cad ina thaobh gur fhag sé — fiacha, a mhac féin, a mhac nár chuir sé aon aithne air,; dúirt sé go raibh fiacha tí air; is dócha, go raibh sé in ísle brí chomh maith nár athcheapadh sé ar Bhórd na gCaomhnóirí, go raibh an t-údarás a bhí tamall aige caillte aige. Tá nótaí agus fianaise ann go raibh sé fós ag plé lena chlann mar a bheifí ag súil agus ag cur airgid abhaile.[2]

Thall i Meiriceá bhí sé siúlach scéalach agus cé gur tháinig sé i dtír i Nua Eabhrac agus ansin leaindeáil sé i mBoston tráth go raibh na hÉireannaigh i réim sa cathair sin. Bhí trácht air i Fort Worth i Texas agus áiteanna eile. Níl a fhios againn inniu céard a bhí ar siúl ag Foley go beacht. Bhí tuairimíocht ann go raibh páirt de chineál inteacht ag Foley in obair ghluaiseacht na poblachta. Bhí sé in San Francisco agus Dev ann agus creideadh go raibh aithne aige ar cheannairí céimiúla eile i ngluaiseacht na poblachta a bhí thall an t-am sin. Bhí dúil ag Foley sa bhiotáilte agus thóg na póilíní é thall as a bheith ólta (ach sheachain Foley an t-ól agus é in Éirinn).

Le linn a chuid taistil thug sé cuairt ar Mheicsiceo, Cúba, Philadelphia, Easanna Niagara, San Francisco, meániarthar na Stát Aontaithe, Oakland/Alameda County, California, agus na stáit ó dheas. Is in Sallisaw, Oklahoma, i gcroílár na tuaithe ó dheas a chaith sé laethanta deiridh a shaoil, áit ar thug sé cuairt air ach nár fhág sé riamh.

Sallisaw, Oklahoma

Maraíodh Foley ar an 22 Lúnasa 1931, bás mistéireach.

Is in Sallisaw, Oklahoma, i gcroílár na tuaithe ó dheas a chaith sé laethanta deiridh a shaoil, áit ar thug sé cuairt air ach nár fhág sé riamh. Níl a fhios céard bá chúis lena dhúnmharú. De réir ghearrthóg sa Fort Smith Times Record, bhí Foley tar éis dul go dtí an stáisiún póilíní sa chathair sna laethanta sular maraíodh é chun é féin a chur in aithne agus thug sé geallúint nach mbeadh sé ina chúis trioblóide, amhail is go raibh an drochchlú sin air.

B'fhéidir Foley ag plé le smuigleáil alcóil thall agus an Cosc ar Alcól ar siúl sna Stáit ag an am.[3] Bhí an réigiún faoi scáth an fhoréigin a bhain le ré an choisc ar alcóil ag an am, agus inar mhair pearsana ar nós Bonnie agus Clyde agus Pretty Boy Floyd.[4]

Fuair sé bás brúidiúil ar thaobh sliabh i i dtearmann bhundhúchasach Mheiriceánach, idtearmann na Cherokee ,in iargúltacht Oklahoma. Fuair sé bataráil agus go raibh sé scaoilte faoi dhó. Tuairiscíodh ar phríomhleathanach an Muldrow Sun go bhfuarthas corp Foley ar Badger Lee Hill agus piléar gafa tríd súil amháin is piléar eile ina dhroim. Bhí soinseáil de luach $1.26 ina phóca (ní fhágfadh robálaí an méid sin airgid, dá laghad é, ina dhiaidh). Agus é ina luí marbh i dteach an adhlacóra, bhris daoine isteach san áit agus rinne siad an teach a chuardach faoi choim. An raibh cáipéisí i seilbh ag Foley a thug léargas ar imeachtaí coiriúla? Ní fhéadfaí a rá ach chuir sé leis an téis go raibh níos mó ar siúl ag Foley an t-am sin ná a bheith ina scríbhneoir fánach.[3]

Cé gur cuireadh in iúl dá ghaolta i mBoston go raibh a chorp le bailiú, níor tháinig siad chun é a bhailiú — seans gur turas róthada a bhí ann. Cuireadh in uaigh na mbochtán é i reilig i Fort Smith, Arkansas. Níl aon chloch ar a uaigh ná feartlaoi. Tá a ainm luaite ar uaigh a bhean chéile sa bhaile i gCnoc Mhelleray ar a fód dúchais i bPort Láirge.[2]

Tá a chuid scríbhinní, scéalta eachtraíochta agus an drochbhás a fuair sé caillte le cuimhne na seacht sinsear.[1]

  • The Ancient and Present State of the Skelligs (1903)
  • History of the County Kerry: Corkaguiny (1907)
  • Irish Historical Allusions, Curious Customs and Superstitions (Oakland, 1916)

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Rian na Fola, clár faisnéise le Dara Ó Cinnéide ar RTÉ in 2026
  1. 1 2 Eagarthóir (2026-05-01). "Rian na Fola, clár fáisnéise le Dara Ó Cinnéide a nochtann rúndiamhair faoi dhúnmharú staraí as Ciarraí" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2026-05-01.
  2. 1 2 Concubhar Ó Liatháin (2026-05-03). "Ar dhúnmharaigh an KKK fear ó Chorca Dhuibhne 100 bliain ó shin - clár faisnéise nua ó RTÉ" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2026-05-03.
  3. 1 2 Pól Ó Muirí (7 Bealtaine 2026). "Marú agus mistéir i scéal a thosaigh gCorca Dhuibhne agus ar tháinig críoch leis in Oklahoma" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-05-08.
  4. Emily Burns / RTÉ (2026-04-30). "Rian na Fola - clár fáisnéise le Dara Ó Cinnéide a nochtaíonn rúndiamhair faoi dhúnmharú staraí as Ciarraí" (ga-IE). RTÉ. Dáta rochtana: 2026-05-03.