Jump to content

Patrick Edward Connor

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Pádraig Éamonn Ó Conchúr as Baile an Fheirtéaraigh i gCorca Dhuibhne
Pádraig Éamonn Ó Conchúr as Baile an Fheirtéaraigh i gCorca Dhuibhne

Saighdiúir Éireannach a throid in Arm Mheiriceá ab ea Pádraig Éamonn Ó ConchúrPatrick Edward Connor ( 17 Márta 1820 – 17 Nollaig 1891 ) a d'fhóin mar ghinearál de chuid Arm an Aontais le linn Chogadh Cathartha Mheiriceá. Tá an-chlú air as an sléacht a rinne sé i gcoinne na mBundúchasach Meiriceánach le linn Chogaí na nIndiach i Sean-Iarthar Mheiriceá .

Óige agus gairm bheatha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Patrick Edward Connor i mBaile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí, Éire ar Lá Fhéile Pádraig, 1820. Agus é 12 nó 16 bliain d'aois, chuaigh sé ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe agus an 28 Samhain 1839 liostáladh é faoin ainm "Patrick Edward O'Connor" in Arm na Stát Aontaithe. [1] Anuas ar an tréimhse seirbhíse mílteata a chaith sé le linn Chogaí Seminole , bhí sé ina dhragún in Fort Leavenworth, Fort Atkinson, Fort Sandford, agus in Fort Des Moines. Scaoileadh leis go honórach ón ról a bhí aige mar shaighdiúir singil an 28 Samhain 1844, agus tar éis dhá bhliain a chaitheamh i Nua-Eabhrac, [2] bhog sé go Texas. An 5 Aibreán 1845 tugadh saoránacht Mheiriceánach dó. [3]

Cogadh Mheicsiceo-Mheiriceánach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh Connor isteach in Óglaigh Texas i mBealtaine 1846 faoin ainm “P. Edward Connor”, agus é ina chéad leifteanant i bhFir Raidhfil Coisithe Texas le linn Chogadh Mheicsiceo-Mheiriceánach. An 7 Iúil 1846 in Galveston, cláraíodh é in Arm na Stát Aontaithe mar chéad leifteanant ar feadh tréimhse 12 mhí. Tugadh ordú dá chompacht neamhspleách de chuid Óglaigh Texas a bhí faoi cheannas an Chaptaein Charles A. Seefield dul go Port Lavaca ar chósta Chuan Matagorda le bheith mar chuid d'Arm Láir an Ghinearáil John E. Wool, a roghnaíodh chun ionradh a dhéanamh ar Mheicsiceo. Agus an chompacht ag siúl trí Monclova, Parras, agus Saltillo, bhí sí faoi cheannas Connor mar chaptaen, agus í ceangailte leis an 2ú buíon d'Óglaigh Illinois faoi cheannas an Choirnéil William H. Bissell. Throid an chompacht i gCath Buena Vista i mí Feabhra 1847. Thoideadar go fíochmhar agus goinneadh Ó Conchúr sa láimh; maraíodh beirt dá leifteanaint agus 13 fear. Briseadh Connor as a phost go honórach an 24 Bealtaine 1847, in aice Monterey, Meicsiceo, mar gheall gur tháinig scoilteacha air. Nuair a cuireadh tús le Fuadar Óir California, chuaigh sé trasna Meicsiceo ó Texas agus tháinig go California an 22 Eanáir 1850.

Agus Ó Conchúr ag iarraidh lonnaíocht nua a bhunú in aice le béal Abhainn na Tríonóide i ndiaidh dó teacht go California, bhí timpiste bádóireachta aige san Aigéan Ciúin. Níorbh eol don Chonarach ná do na fir a bhí ina gcomhluadar go bhfuil béal Abhainn na Tríonóide suite ar Abhainn Klamath seachas ar chósta an Aigéin Chiúin. Báthadh cúigear as an deichniúr a bhí ar an mbád míol mór a rinne iarracht seoladh ar na bruthanna.

An 28 Bealtaine 1853, ghlaoigh Harry S. Love ar Ó Conchúr le bheith ina leifteanant i gcompacht Fhiannóglaigh Stáit California in éineacht le 20 iarshaighdiúir eile a raibh taithí acu ar Chogadh Mheicsiceo-Mheiriceánach. Chuadar sa tóir ar an eisreachtaí Meicsiceach Joaquin Murrieta agus cuireadh chun báis é mar aon le triúr eile dá dhrong agus ghabhadar beirt eile. Leis sin briseadh na "Cúigear Joaquins" mar a thugtaí orthu. Thug an stát luach saothair maith do na Fiannóglaigh, agus don Chonorach sular díscaoileadh iad.

Cogadh Cathartha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a thosaigh Cogadh Cathartha Mheiriceá, bhí Connor i gceannas ar bhuíon i Mílíste California darbh ainm na “Stockton Blues”. Thug sé faoi mbuíon a neartú le go mbeadh sé ar chómhéad reisiminte agus ba é an 3ú Reisimint de Choisithe Deonacha California. [4] Tugadh ordú dá reisimint dul go Críoch Utah le go ndéanfaí cosaint ar na bealaí thar tír ó ionsaithe na nIndiach agus le go seachnófaí éirí amach Mormannach a rabhthas buartha faoi an t-am sin.

Sléacht Abhainn Bear

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go luath sna 1860idí, bhí aighneas ann idir lonnaitheoirí geala agus an pobal bundúchasach mar gheall ar bhrú daonra i gCríoch Washington in aice le teorainn IdahoUtah an lae inniu. Tar éis ionsaí na nIndiach ar mhianadóirí, éisteadh le teistíochtaí in Salt Lake City uathu siúd a tháinig slán. Mháirseáil Connor agus a reisimint 140 míle thar thalamh reoite i lár an gheimhridh chun aghaidh a thabhairt ar na bundúchasaigh. As Fort Ruby, ba é a ord Uí Chonchúir dá shlua "gach bundúchasach fireann dá gcasfar oraibh a scrios." [5] An 29 Eanáir 1863, tháinig trúpaí Uí Chonchúir ar champa Shoshone feadh Abhainn na Bear . Chuaigh Ó Conchúr agus a mhílíste trasna na habhann agus d'ionsaíodar an campa. Ligeadar orthu go rabhadar ag teitheadh mar dhea, ansin rinneadar an campa a thimpeallú agus d'atosaíodar a n-ionsaí.

Sheol Ó Conchúr trúpaí breise amach chuig ailt chun éalú na mbundúchasach a chosc, agus chuir sé an chuid eile dá shaighdiúirí ar ainliú cliathánach go dtí an droim thar an ailt, as sin scaoileadar urchair leis na bundúchasaigh. Scaoil na saighdiúirí freisin leis na bundúchasaigh agus iad ag iarraidh éalú trí shnámh trasna na habhann sioctha. Mharaigh na trúpaí beagnach gach ceann de na bundúchasaigh a bhí sa champa, seachas thart ar 160 mná agus leanaí, a scaoileadh saor níos déanaí agus thug na saighdiúirí cruithneacht dóibh lena mbeathú.

Deireadh a shaoil

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Connor bás in Salt Lake City, Críoch Utah, sa bhliain 1891 agus é 71 bliain d'aois. Cuireadh thall é.

Clú in Éirinn

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is beag eolas atá ar Shléacht Abhainn na Béar nó ar shaol agus ar cháil Phádraig Uí Chonchúir ina chontae dúchais. An Luan 7 Lúnasa 2023 (Luan Saoire Bainc Lúnasa) áfach, chraol an stáisiún raidió áitiúil, Radio Kerry, clár faisnéise raidió a mhair 90 nóiméad dar teideal Gloryhunter, Kerry's Indian Killer. [6]

Leagtar amach sa chlár faisnéise seo mionchuntas ar an sléacht agus ar ról Uí Chonchúir i ndíshealbhú agus marú mhuintir na mbundúchasach i Meiriceá in Utah, Idaho agus Colorado mar a thugtar ar na háiteanna sin anois. Bhí agallaimh ann le staraithe agus údair, chomh maith le hionadaithe ó mhuintir Shoshone . Tá an clár faisnéise iomlán ar fáil le cloisteáil ar Spotify .

  1. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named ReferenceA
  2. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named ReferenceB
  3. Tucker (September 19, 2011). "The Encyclopedia of North American Indian Wars, 1607–1890: A Political, Social, and Military History [3 volumes]: A Political, Social, and Military History". ABC-CLIO. ISBN 978-1-85109-603-9. 
  4. California and the Civil War: Regiments of the California Volunteers in Federal Service: 3rd Regiment of Infantry”. www.militarymuseum.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar June 13, 2010. Dáta rochtana: September 28, 2009.
  5. National Register of Historic Places Registration: Bahsahwahbee”. National Park Service (June 30, 2016). Cartlannaíodh an bunleathanach ar October 22, 2017. Dáta rochtana: October 21, 2017.
  6. The Kerryman Who Massacred Native Americans – August 4th, 2023” (en). RadioKerry.ie. Dáta rochtana: 2023-08-11.