Paddy Cooney
| Ainm sa teanga dhúchais | (en) Patrick Cooney |
|---|---|
| Beathaisnéis | |
| Breith | 2 Márta 1931 Baile Átha Cliath, Éire |
| Bás | 6 Nollaig 2025 94 bliana d'aois |
Ina hionadaí do: Fine Gael 25 Iúil 1989 – 18 Iúil 1994 Téarma parlaiminte: Tríú Parlaimint na hEorpa Toghcheantar: Laighean Toghadh i: toghchán Pharlaimint na hEorpa 1989 | |
| 10 Márta 1987 – 25 Bealtaine 1989 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 25ú Dáil Toghcheantar: Longfort–Iarmhí Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1987 | |
| An tAire Oideachais agus Scileanna | |
| 14 Feabhra 1986 – 10 Márta 1987 ← Gemma Hussey – Máire Uí Ruairc → | |
| 14 Nollaig 1982 – 20 Eanáir 1987 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 24ú Dáil Toghcheantar: Longfort–Iarmhí Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, Samhain 1982 | |
| Aire Cosanta | |
| 14 Nollaig 1982 – 14 Feabhra 1986 ← Paddy Power – Paddy O’Toole → | |
| 9 Márta 1982 – 4 Samhain 1982 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 23ú Dáil Toghcheantar: Longfort–Iarmhí Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, Feabhra 1982 | |
| 30 Meitheamh 1981 – 27 Eanáir 1982 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 22ú Dáil Toghcheantar: Longfort–Iarmhí Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1981 | |
| Seanadóir na hÉireann | |
| 27 Deireadh Fómhair 1977 – 11 Meitheamh 1981 Téarma parlaiminte: 14ú Seanad Éireann Toghcheantar: An Rolla Saíochta agus Oideachais | |
| 14 Márta 1973 – 25 Bealtaine 1977 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 20ú Dáil Toghcheantar: Longfort–Iarmhí Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1973 | |
| An tAire Dlí agus Cirt | |
| 14 Márta 1973 – 5 Iúil 1977 ← Deasún Ó Máille – Gerry Collins → | |
| 14 Aibreán 1970 – 5 Feabhra 1973 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 19ú Dáil Toghcheantar: Longfort–Iarmhí Toghadh i: fothoghchán | |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath |
| Teanga dhúchais | Béarla |
| Gníomhaíocht | |
| Suíomh oibre | Strasbourg Cathair na Bruiséile |
| Gairm | polaiteoir, dlíodóir |
| Ball de pháirtí polaitíochta | Fine Gael |
| Teangacha | Béarla |
Polaiteoir as Baile Átha Cliath ba ea Paddy Cooney (2 Márta 1931 – 6 Nollaig 2025); bhí aireachtaí aige i gcomhrialtais a raibh Fine Gael ina mbun sna 1970idí agus sna 1980idí.[1]

Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Chnoc an Chaisleáin agus i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.
Teachta Dála a bhí ann do dháilcheantar Longfort-An Iarmhí.
Aire Dlí agus Cirt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Cooney ina Aire Dlí agus Cirt, 1973–1977 le linn na dTrioblóidí, an ról ba thábhachtaí agus ba mhó aige. Thug sé isteach an tAcht um Cheartas Coiriúil 1976, a shínigh cumhachtaí na nGardaí chun dul i ngleic leis an sceimhlitheoireacht sa gCúirt Choiriúil Speisialta nach raibh giúiré aici.
Mar Aire Dlí agus Cirt, d'ordaigh Cooney go gcuirfí coincréit ar chónra Frank Stagg, duine de chuid Óglaigh na hÉireann.
Ar an 19 Nollaig 1973, tugadh cinneadh ceannródaíoch na Cúirte Uachtaraí i McGee v An tArd-Aighne [1974] IR 284 (trí thromlach 4-1), gur sháraigh dlí a chuir cosc ar allmhairiú frithghiniúnach an ceart a bhí ag na gearánaithe sa chás seo chun na príobháideachta sa phósadh.[2]
Chun teacht ar réiteach, mhol Cooney an Bille um Rialú Allmhairiú, Díol agus Monarú Frithghiniúnacha 1974. Ach reáchtáladh vóta saor sa Dáil agus cuireadh go tréan i gcoinne é; vótáil an Taoiseach, Liam Cosgrave féin, ina éadan.
Tháinig an t-athrú seo i bhfeidhm faoin Acht Sláinte (Beartú Muiríne) 1979 de chuid Fhianna Fáil.
1980-1900idí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Cooney ina ina Aire Cosanta 1982-1986 agus ina Aire Oideachais, 1986-1987, nuair a bhris scannal amach. Tugadh comhairle dlí dó gur ghníomh mídhleathach a bhí ann múinteoir neamhcháilithe a fhágáil ag teagasc sa bhunscoil ar an Sraith Salach in áit an Phríomhoide, Bríd Ní Dhomhnaill. Bhí an scannal ina cause célèbre do lucht na teanga.
Chaith sé tréimhse freisin mar Fheisire Eorpach 1989-1994.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2025-12-06). "An t-Iar Aire Rialtais Paddy Conney tar éis bháis" (as ga-IE).
- ↑ Law1. "McGee v. A.G. & Anor [1973 IESC 2; [1974] IR 284 (19 December 1973)]". www.bailii.org. Dáta rochtana: 2025-12-07.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |