Pasteurella multocida

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Pasteurella multocida
Aicmiú eolaíoch
Ríocht:Baictéar
Fíleam:Próitéabhaictéar
Aicme:Gáma-Phróitéabhaictéar
Ord:Pasteurellales
Fine:Pasteurellaceae
Géineas:Pasteurella
Speiceas:Pasteurella multocida

Is éard is Pasteurella multocida ann ná cocabhachaillín, gram-dhiúltach, éagluaisteach, peinicillin-íogair, a bhaineann leis an bhfine Pasteurellaceae. [1] Tá tréithchineálacha a bhaineann leis an speiceas rangaithe faoi láthair i gcúig séireaghrúpaí (A, B, D, E, F) bunaithe ar  comhdhéanamh na  gcapsúl, agus 16 seritíopaí sómacha (1-16). Tarraingíonn P. multocida raon de ghalair i mamaigh agus éin, lena n-áirítear calar éanlaitheriníteas seargthach na muc agus seipticéime fuilreatha bólachta. Is féidir leis bheith freagrach as ionfhabhtú zónóiseach i ndaoine, a faightear de ghnáth trí ghreamanna nó scríobthaí ó pheataí. Íompraíonn go leor mamaigh (lena n-áirítear cait ceansaithe agus madraí) agus éin an baictéar mar chuid dá mhicreaflóra riospráide.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thánaigh Louis Pasteur ar Pasteurella multocida don chéad uair sa bhliain 1878, in éin a bhí ionfhabhtaithe le chalar, agus ainmníodh an baictéir Pasteurella in ómós dó..[2]

Galar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá P. multocida ina chúis le raon galair in ainmhithe fiáine agus ceansaithe, chomh maith le daoine. Is féidir baictéar a fháil in éin, cait, madraí, coiníní, eallaí agus muca. Sna héin, údar galair éanlaithe is ea P. multocida; galar suntasach a bhíonn i láthair in éanlaithe tráchtála agus ceansaithe fud fad an domhain, go háirithe ealtaí srathaithe agus iolrúcháin. Is gnách go mbaineann na tréithchineálacha de P. multocida a mbíonn freagrach as calar éanlaithe leis na séiritíopaí 1, 3, agus 4. San fhiántas, tá sé léirithe go leanann an calar éanlaithe bealaí imirce na n-éan, go háirithe na mórghéanna sneachta. Tá dlúthbhaint ag an séiritíopa-1 le calar éanlaithe Mheiriceá Thuaidh, ach ní mhaireann an baictéar i mbogaigh ar feadh tréimhsí fada ama.[3] I cúis le P. multocida riníteas seargthach na muc;[4] d'fhéadfadh sé freisin bheith ina chúis le niúmóineseipticéime fuilreatha bólachta..[5][6] D'fhéadfadh sé a bheith freagrach as mollmhortlaíochta na n- antalóp saigeach Is P. multocida an chúis is coitianta d'ionfhabhtú ó ionfhabhtuithe créachta, i ndiaidh madraí nó cat. De ghnáth, léiríonn an ionfhabhtú mar athlasadh san fhíochán bog laistigh de 24 uair an chloig. Go hiondúil breathnaítear áireamh ard leocaicítí agus neodraifilí, rud gur féidir imoibriú athlastach a ghnóthú as ar láthair an ionfhabhtaithe (go ginearálta ceallailíteas locáilte idirleata). .[7] Is féidir leis ionfhabhtú a thosnú i suíomhann eile, mar shampla an chonair riospráide, agus is eol dúinn gur féidir leis bheith treagrach as liomfadanapaite réigiúnach (at na nód limfe) ann. I gcásanna níos tromchúisí, is féidir baictéiréime a bheith mar thoradh air, ag cur oistéimiailítisendocarditis ar bun. Féadfaidh an baictéir an bhacainn fola-inchinne a thrasnú agus meiningíteas a chur ar bun.[8]



Féach: Pasteurellosis

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Kuhnert P; Christensen H (editors). (2008). "Citation is missing a title. Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}". Caister Academic Press. 
  2. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  3. Blanchlong, JA. “Persistence of pasteurella multocida in wetlands following avian cholera outbreaks.” Journal of Wildlife diseases, vol.42, no.1 (33-39)
  4. Eliás B, Hámori D. Data on the aetiology of swine atrophic rhinitis. V. The role of genetic factors. Acta Vet Acad Sci Hung. 1976;26(1):13–19. [PubMed]
  5. Irsik, M B Bovine respiratory disease associated with Mannheimia Haemolytica or pastuerella multocida. VM 163, University of Florida
  6. "Mycoplasma alkalescens demonstrated in bronchoalveolar lavage of cattle in Denmark" (2007). Acta Veterinaria Scandinavica 49 (1): 2. doi:10.1186/1751-0147-49-2. ISSN 1751-0147. 
  7. Ryan KJ; Ray CG (editors) (2004). "Sherris Medical Microbiology". McGraw Hill. 
  8. Casolari C, Fabio U. Isolation of Pasteurella multocida from Human Clinical Specimens: First Report in Italy. European Journal of Epidemiology. Sept 1988; 4(3):389-90