Paraifíléiteach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Parai-fíléiteach)
Grúpa paraifíléiteach is ea na Reptilia (dath glas) a chuimsíonn na hAmniota go léir ach amháin dhá fhoghrúpa Mammalia (mamaigh) agus Aves (éin); dá bhrí sin, ní clád iad na Reptilia. I gcodarsnacht leis sin, is clád iad na hAmniota féin, ar grúpa monaifíléiteach iad

.

Sa tacsanomaíocht tugtar grúpa paraifíléiteach ar ghrúpa má tá sé comhdhéanta as sinsearach coiteann an ghrúpa agus gach sliocht de chuid an tsinsir sin ach amháin ceann amháin nó dhá fhoghrúpa monaifíléiteach. Deirtear go bhfuil an grúpa paraifíléiteach maidir leis na foghrúpaí eisiata. Úsáidtear an téarma go coitianta san fhíligéineolaíocht (foréimse de chuid na bitheolaíochta) agus sa teangeolaíocht.