Paipír

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Paipír

Planda uisciúil ilbhliantúil, dúchasach do thuaisceart na hAfraice. Fásann na gais 4 m, is iad triantánach i gcrosghearradh. Na duilleoga cosúil le féar, na bláthanna bídeach scothbhuí, gan iombhláth, ina spícíní a dhéanann cinn mhóra sféarúla.

paipír le síniú Cleopatra VII


Rinne muintir an tseansaoil páipéar (paipír) trí stiallacha fliucha na ngas laíonach a bhrú le chéile taobh le taobh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Paipír". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 504.