Pailéichlíomeolaíocht
Appearance
(Athsheolta ó Pailé-aeráideolaíocht)
Is éard atá i gceist le pailéichlíomeolaíocht[1] ná staidéar ar an aeráid a bhí ann na cianta ó shin, agus iarrachtaí mionsamhluithe na bpróisis aeráide a shaothrú. Braitheann sí ar a lán disciplíní acadúla.[2]
Déanann an phailéichlíomeolaíocht staidéar agus cur síos ar na clíomaí ársa ag baint úsáide as eolas ó fhoinsí neamhbhitheacha, cosúil le dríodar ó ghrinneall locha agus croíocháin oighir agus as eolas bitheach cosúil le fáinní crainn agus coiréal.
Aicmiú Köppen
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é aicmiú aeráide Köppen ceann de na haicmí aeráide is forleithne a bhaintear úsáid as. B'é an t-aeráideolaí Gearmánach Wladimir Köppen[3] a d'fhorbair é ar dtús, timpeall na 1900idí. Tá sé bunaithe ar an choincheap gurb é an fásra dúchasach an léiriú is fearr den aeráid.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, paleoclimatology
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Pailé-aeráideolaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 502.
- ↑ "Wladimir Köppen" (as en) (2024-02-10). Wikipedia.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |