Paddy O’Toole
Polaiteoir ab ea Patrick (Paddy) O'Toole nó Pádraig Ó Tuathail (15 Eanáir 1938 – 11 Bealtaine 2025). Bhí sé ina bhall d'Fhine Gael.[1][2][3]
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba as Gaoth Sáile in Iorras i Maigh Eo do Paddy O’Toole. Bhí sé ina mhúinteoir scoile i Scoil Náisiúnta Chnoc an Éaló[4] gar do Bhéal an Átha, mar a raibh cónaí air formhór a shaoil.
D’ainmnigh an t-iarThaoiseach Liam Cosgrave ina sheanadóir i Seanad Éireann é i 1973.
Bhí sé ina Theachta Dála d’Fhine Gael idir 1977-1987. D'fhóin sé i roinnt róil aireachta le linn na 1980idí:[5]
- Aire na Gaeltachta (1981–1982, 1986–1987)[6]
- Aire Turasóireachta, Iascaigh agus Foraoiseachta (1982–1986)
- Aire Cosanta (1986–1987)
Dhá thréimhse a chaith sé ina aire Gaeltachta, idir 1981-1982 agus arís idir 1982-1987. Chuir sé go mór le forbairt tionsclaíochta sa Ghaeltacht ag an am; choinnigh sé an fhostaíocht ar siúl ag am an-deacair. “Ní raibh airgead mór ann ag an am, ach thug sé airgead d’fhorbairtí Gaeltachta. Bhí deontais tithíochta ann an t-am sin fosta. Bhí sé ina chuairteoir rialta ar na Gaeltachtaí ar fad.”[3]
Plean
[cuir in eagar | athraigh foinse]In 1981-1982, bhí sé de rún ag Paddy O'Tolle agus Bord na Gaeilge (an eagraíocht stáit as ar fáisceadh Foras na Gaeilge níos deireanaí) raith pleananna a chur le chéile le go mbeadh an tír dátheangach faoin mbliain 2000 agus bhí an Plean Gníomhaíochta 1983 – 1986 le bheith ar an gcéad cheann acu sin. Plean cuimsitheach a bhí le bheith ann, beagán cosúil leis an Stráitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, le difríocht thábhachtach amháin: tríd is tríd bhí na spriocanna a leagadh amach sa Phlean Gníomhaíochta 30 bliain ó shin thar a bheith réadúil agus insroiste. Seoladh an plean in Aibreán 1983. Dúirt O’Toole ag an am go mba ‘ócáid stairiúil’ a bhí ann, mar a deirtear ag seoladh gach plean nua leis an nGaeilge a tharrtháil. [7]

Conspóid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní raibh Frank Flynn ach beagán le bliain ceaptha i gceannas an Údaráis, nuair a ardaíodh ceisteanna sa Dáil faoin mbealach ar tugadh iasacht do chomhlacht ar an gCeathrú Rua, CPR, a raibh deacrachtaí airgeadais acu (agus fuair fear neamhchiontach bás sa scéal). Ó na binsí freasúra ba mhinic le Paddy O’Toole gach deis a thapú an cheist a ardú. Le O’Toole ar ais i gcumhacht i Nollaig 1982, cuireadh brú ar Bhord an Údaráis Flynn a bhriseadh as a phost. Bhí an cumhacht ag Aire na Gaeltachta na baill ainmnithe a athrú, rud a rinne sé i mí na Samhna 1983, nuair a chuir sé triúr státseirbhíseach in áit an triúr ainmnithe a thacaigh le Flynn.[8]
Chomh maith le bheith ina aire Gaeltachta, chaith O'Toole tamall chomh maith ina aire cosanta agus ina aire iascaigh agus foraoiseachta.
Tar éis dó a shuíochán a chailleadh i dtoghchán 1987, ceapadh O'Toole arís don 17ú Seanad.
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'éag Paddy O'Toole ar an 11 Bealtaine 2025 in Ionad Altranais Moy Ridge, Béal an Átha (in aois 87 bliain d'aois dó). Bhí ceathrar clainne ag Paddy agus a bhean chéile Jacqueline: Jacqueline, John, Pádraig agus Helen. Cuireadh é i Reilig na Léige i mBéal an Átha.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "‘Bhí géarchúis, gaois agus tuiscint ag baint leis’ – Paddy O’Toole, iar-aire na Gaeltachta, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-05-12). Dáta rochtana: 2025-05-12.
- ↑ RnaG (2025-05-12). "Áine Ní Chiaráin : Tráchtaire polaitíochta." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2025-05-12.
- 1 2 3 "Death Notice of Paddy O’Toole (Ballina, Mayo) | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2025-05-12.
- ↑ "Cnoc an Éaló/Knockanelo / Knockanillo" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2025-05-12.
- ↑ Duncan Wallace. "Explore the Irish State Dataset and Reports" (en). Irish State Administration Database. Dáta rochtana: 2025-05-12.
- ↑ idir Meitheamh ’81 agus Feabhra ’82 i rialtas Garret Fitzgerald, a thit as a chéile de bharr CBL á chur ag John Bruton ar bhróga gasúr.
- ↑ Donncha Ó hEallaithe (06.02.2013). "Pleanáil Teanga– 30 Bliain ó shin!". Dáta rochtana: 2025.
- ↑ Donncha Ó hEallaithe (4 Iúil 2012). "Drochbholadh". Dáta rochtana: 2025.