Jump to content

Scéal.ie

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó PEIG.ie)
Bosca Sonraí Suíomh GréasáinScéal.ie
URLhttps://sceal.ie/ Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsuíomh gréasáin Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deConradh na Gaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Cur i seirbhís2014 Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: www.sceal.ie X: sceal__ie Instagram: sceal_ie LinkedIn: sceal-ie Youtube: UCHEXtG5bsb56AybVzaZZQ6Q Youtube: Sceal_ie Cuir in eagar ar Wikidata

Is suíomh idirlín é Scéal.ie, ‘lárphointe eolais na Gaeilge’ mar a thugann siad fhéin air. Is é Conradh na Gaeilge atá i gceannas ar an suíomh. Foilsítear ann míreanna áirithe ó sholáthraithe nuachta agus suíomhanna Gaeilge eile; folúntais in earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta; féilire imeachtaí; eolaire gnó; agus tuilleadh eolais a bheadh ina ábhar spéise do lucht labhartha na Gaeilge. Cuirtear nuachtlitir amach.[1][2]

Seoladh an chéad leagan den suíomh faoin ainm PEIG.ie den chéad uair i mí Lúnasa na bliana 2014. Sheas PEIG do ‘Pobal, Eolas, Ilmheáin, Gaeilge’ agus b'imeartas focal é ar ainm an tseanchaí chlúitigh Peig Sayers. Is minic a thagraítear do sheanchaí cáiliúil an Bhlascaoid Mhóir ar na meáin Bhéarla nuair atáthar ag caitheamh anuas ar an nGaeilge nó ar lucht a labhartha. Bhí leabhar Sayers, Peig, ar shiollabas na hArdteistiméireachta go dtí na 1990idí. B'iarracht é an t-ainm sin a bhaisteadh ar an suíomh an t-ainm Peig a "athshealbhú" do lucht labhartha na Gaeilge.[1]

D'fhág Conradh na Gaeilge an t-ainm PEIG.ie ina ndiaidh tar éis breis agus deich mbliana agus an t-ainm nua Scéal.ie a bhaisteadh ar an suíomh. Seoladh an suíomh nua ag Oireachtas 2025. Cuireadh atreorú uathoibríodh i bhfeidhm ó shean-sheoltaí PEIG.ie go dtí na leathanaigh chuí ar Scéal.ie. Dúradh go "léiríonn an t-ainm nua fís agus cuspóir an tsuímh i mbealach an-soiléir agus gonta".[1][2] Nuair a fógraíodh an athbhrandáil seo, bhí seachtanán Gaeilge faoin ainm Scéal ar an bhfód cheana.[3][4]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 Maitiú Ó Coimín (21 Deireadh Fómhair 2025). "‘Scéal.ie’ le teacht in áit PEIG.ie ag deireadh na míosa" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-10-23.
  2. 2.0 2.1 "Tá an scéal amuigh - táimid beo!". Scéal.ie (2025-10-29). Dáta rochtana: 2025-11-04.
  3. Oifig an Choimisinéara Teanga (Aibreán 2025). "Na Meáin Ghaeilge": lch 3. 
  4. Michelle Nic Pháidín (2025-04-15). "Géarchéim theangeolaíochta: ‘Bhrisfeadh sé do chroí’". The Irish Times. Dáta rochtana: 2025-06-01.