Jump to content

Pól Deeds

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPól Deeds

Is é an Dr Pól Deeds an chéad Choimisinéir Gaeilge i dTuaisceart Éireann (a rugadh sa bhliain 1978).[1][2] Cruthaíodh an post seo faoi Acht Féiniúlachta agus Teanga Thuaisceart Éireann a ritheadh in 2022.

Is as Bóthar na nGleanna in iarthar Bhéal Feirste é Pól Deeds. D'fhreastail sé ar Naomh Mhuire. Is é garmhac Jimmy Webb é, a raibh caidreamh fadtréimhseach aige leis an Andersonstown News.[3]

Is comhúdar é ar chaibidil dar teideal "The Irish Language in Belfast: the role of a language in post-conflict reconciliation" a foilsíodh in 2019.[4] [5]

Bhí Deeds ina chomhordaitheoir agus ina phríomhfheidhmeannach ar An Droichead ó 2003 go 2023,[6] eagraíocht Ghaeilge i ndeisceart Bhéal Feirste. Bhí sé mar chomhordaitheoir an tionscadail, freagrach as bainistiú na foirne agus an lárionaid, cúrsaí airgeadais agus mar sin de. Sa bhliain 2012, bhí Deeds i mbun cás cúirte le hIontaobhas na Gaelscolaíochta maidir le cúrsaí airgid.[7]

Ceapadh Deeds mar leas-phríomhfheidhmeannach agus mar stiúrthóir ar sheirbhísí oideachais le Foras na Gaeilge in 2023.[8] Bhí sé ag tabhairt comhairle chomh maith do rialtais thuaidh agus theas chomh maith le comhlachtaí earnála poiblí agus príobháideacha maidir le cur chun cinn na teanga.

Thacaigh Deeds in 2025 leis an gcomharthaíocht dhátheangach ag Mórstáisiún Bhéal Feirste agus le polasaí nua Gaeilge Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste.

Ar an 28 Deireadh Fómhair 2025, ceapadh Deeds mar choimisinéir don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann.[9] Tá cumhacht ag Pól Deeds comhairle a thabhairt do chomhlachtaí poiblí ar chaighdeáin dea-chleachtais don teanga. Tá dualgas ar an gCoimisinéir Gaeilge gearáin a fhiosrú maidir le neamh-chomhlíonadh na n-údarás poiblí i ndáil leis na caighdeáin teanga.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. BBC Newsline (28 DF 2025). "Pól Deeds will take up role for the Irish Language and Lee Reynolds for Ulster-Scots and the Ulster British tradition".
  2. "‘Céim stairiúil chun cinn’ – an chéad choimisinéir Gaeilge ceaptha ó thuaidh" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-10-28). Dáta rochtana: 2025-10-29.
  3. Anthony Neeson. "West Belfast man Pól Deeds set to be named North's first Irish Language Commissioner" (en). Belfast Media Group. Dáta rochtana: 2025-10-29.
  4. Is iad na comhúdair eile ná Marcas Mac Coinnigh agus Linda Ervine. Foilsíodh an chaibidil seo in The Routledge Handbook of Language in Conflict (Lámhleabhar Routledge), a chuir Matthew Evans, Lesley Jeffries agus Jim O'Driscoll in eagar. Foilsíodh an leabhar le Routledge Taylor & Francis Group agus léirítear ar leathanaigh 556-573 é mar chuid de shraith Routledge Handbooks in Applied Linguistics.
  5. Matthew Evans, Lesley Jeffries, Jim O'Driscoll (2019-05). "The Irish Language in Belfast: the role of a language in post-conflict reconciliation". The Routledge Handbook of Language in Conflict: 556–573. London: Routledge Taylor & Francis Group. 
  6. "An droichead" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2025-10-30.
  7. Gaelscéal / Méabh Ní Thuathaláin (2012-10-03). "Aighneas Airgid idir eagraíochtaí Gaeilge". Dáta rochtana: 2025.
  8. "Coimisinéir Teanga ó thuaidh le ceapadh an mhí seo chugainn, leas-phríomhfheidhmeannach Foras na Gaeilge luaite leis an bpost" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-08-22). Dáta rochtana: 2025-10-29.
  9. "‘Céim stairiúil chun cinn’ – an chéad choimisinéir Gaeilge ceaptha ó thuaidh" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-10-28). Dáta rochtana: 2025-10-29.