Píobán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Píobán

Is an feadán ag cur aer idir an laraing agus na feadáin broinceach é an píobán. Mar líneáil tá an t-eipitéiliam riospráide colúnach fabhránach. Ar a thaobh amuigh tá scannán snáithíneach, mórthimpeall ar fhonsaí loingeáin, ar oscailt ar chúl, a chuireann cosc ar shleabhcadh na traicé. 9-15 cm ar fhad sa duine fásta, agus le linn riospráide fadaíonn sí suas le 2 cm. In éigeandáil riospráide, is féidir an traicé a oscailt go máinliach idir na fonsaí loingeáin sa chuid íochtarach den mhuineál (traicéatóime) le pasáiste a sholáthar don aer.