Pápa Leon XIV
Tá Robert Francis Prevost nó an Pápa Leon[1][2] XIV (a rugadh ar an 14 Meán Fómhair 1955 i Chicago, Illinois) ina Phápa ar an Eaglais Chaitliceach ó 8 Bealtaine 2025 ar aghaidh. Is é an 267ú pápa é agus an chéad Phápa ó Mheiriceá.[3] Tá cáil an leasaitheora air.[4] Tá leid i rogha a ainm phápaigh go mbeidh an ceartas sóisialta ina théama tábhachtach dá phápacht.[5][6]



Ministreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuaigh Prevost isteach in Ordú Naomh Agaistín (OSA) sa bhliain 1977 agus rinne sé a ghealltanas sollúnta in 1981. Oirníodh é mar shagart ar an 19 Meitheamh 1982.
Misean i bPeiriú
[cuir in eagar | athraigh foinse]I 1985 thug sé aghaidh ar Pheiriú áit ar chaith sé 14 bhliana déag ina mhisinéir agus oideachasóir i gceann de thíortha bochta an domhain (ó 1985 go 1999). Bhí sé ina shagart paróiste agus ina léachtóir i gcliarscoil.
Tugadh ar ais chuig Meiriceá é i 1999 áit a cuireadh é i mbun na nAibhistíneach ansiúd agus ar fud an domhain.
Ó 2001 go 2013, bhí sé ina Phríor Ginearálta ar Ordú Naomh Agaistín.[7]
Chuir Proinsias ar ais chuig Peiriú é sa bhliain 2014, an uair seo ina easpag ar Chiclayo i dtuaisceart na tíre sin. Is ann a bhí sé gur ghlaoigh Proinsias chun na Róimhe é i 2023 (mar Ardeaspag-Bhíospach emeritus ar dtús).
Sa Vatacáin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 30 Eanáir 2023, ceapadh Prevost ina Cheann ar Dhiacaistir na nEaspag[8] sa Vatacáin, ceapachán a d’fhág go raibh sé de chúram air an chéad ghlúin eile d’easpaigh a roghnú. Bhí sé ina Cheann chomh maith ar ar Choimisiún Pontaifiúil na Vatacáine do Mheiriceá Laidineach.[4]
Nuair a cuireadh Prevost i mbun an fhorais a chuireann comhairle ar an bPápa faoi easpag nua a cheapadh, ba léir go raibh Prionsias ag iarraidh cumhacht agus stadas a thabhairt dó. Níorbh fhada ina dhiaidh sin a rinneadh cairdinéal de, ar an 30 Meán Fómhair 2023, cheap Pápa Proinsias é mar Chairdinéal.[9]
Le linn 2023-2025, bhí muinín ag Proinsias as a chumas cumarsáide leis na heití éagsúla san eaglais agus an seasamh measartha a bhí aige as go leor ceisteanna conspóideacha.[9]
Pápacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 8 Bealtaine 2025, toghadh Robert Francis Prevost mar Phápa na hEaglaise Caitlicí (69 mbliana d'aois ag an am), ina chomharba ar an bPápa Proinsias.[3] Ghlac sé an t-ainm Leo XIV, rud a dhéanann de an chéad Phápa Meiriceánach i stair na hEaglaise.
Bhí súil ag go leor ag an am go leanfadh sé ar aghaidh le hoidhreacht an Phápa Proinsias. Dúirt Leo féin go raibh an teachtaireacht chéanna láidir ann i gcónaí: fógair Íosa Críost agus fógair an Soiscéal. Ach dúirt sé freisin go gcaithfí é a inseacht ar bealach a chloisfeadh an óige, na boicht agus polaiteoirí é ina mbealach féin.[9]
Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Oideachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Agus é ina déagóir, chaith Prevost tréimhse (1969-73) in Olympia Fields,[10] i Tolentine, cliarscoil do bhuachaillí.[11]
Bhain Prevost céim Bhaitsiléara amach i Matamaitic ó Ollscoil Vilanova i Philadelphia sa bhliain 1977 (ollscoil Chaitliceach faoi Ordú Naomh Agaistín).
Chuaigh sé leis an tsagartacht san ord Aibhistíneach in 1977, ar dtús in Saint Louis, Missouri. Fuair sé a chuid oiliúna diagachta sa Catholic Theological Union i Chicago, áit a bhfuair sé Máistreacht sa Diagacht in 1982.
Rinne sé staidéar breise sa Choláiste Phontifíceach Naomh Tomás Acainíos (Angelicum),[12] sa Róimh, áit ar bhain sé amach Licentia sa Dlí Canónta (Licentia in Iure Canonico) in 1984 agus dochtúireacht sa dlí canónta (JCD – Juris Canonici Doctor), rud atá coitianta i measc ardchléir na Vatacáine.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla Pope Leo, nó i dteangacha eile Papa León, Léon, Leone, Leão srl
- ↑ Maitiú Ó Coimín (14 Bealtaine 2025). "Leon nó Leo? Cén t-ainm Gaeilge a thabharfar ar an bPápa nua?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-05-14.
- ↑ 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2025-05-08). "Deatach dubh ar maidin ag fógairt nach bhfuil Pápa tofa fós" (as ga-IE).
- ↑ 4.0 4.1 "Robert Prevost roghnaithe ina phápa, an chéad phápa as Meiriceá" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-05-08). Dáta rochtana: 2025-05-08.
- ↑ Tá cáil ar an bPápa Leo deireanach, a Trí Déag, as a imlitir Rerum Novarum, a chuir cearta an lucht oibre go lárnach i dteagasc na heaglaise Rómánaí.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (10 Bealtaine 2025). "Nuacht Mhall (Maigh Eo)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-05-10.
- ↑ 7.0 7.1 2012: labhraíonn Prevost i mBéarla (2012-08-28). "Cruinniú".
- ↑ "Dicastery for Bishops" (as en) (2025-05-08). Wikipedia.
- ↑ 9.0 9.1 9.2 Nuacht RTÉ (2025-05-08). "Leo XIV: Meiriceánach, Aibhistíneach, Misinéir" (as ga-IE).
- ↑ "Olympia Fields, Illinois" (as en) (2025-03-29). Wikipedia.
- ↑ LGIS News Service. "Southland native, Robert Prevost, a leading candidate to be Pope" (en). South Cook News. Dáta rochtana: 2025-05-09.
- ↑ "Pontifical University of Saint Thomas Aquinas" (en-US). Angelicum. Dáta rochtana: 2025-05-09.