Jump to content

Pápa Proinsias

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Pápa Francis)
Infotaula de personaA Naofacht Cuir in eagar ar Wikidata
Pápa Proinsias

(2014) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(la) Franciscus Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(es) Jorge Mario Bergoglio Cuir in eagar ar Wikidata
17 Nollaig 1936
Flores, An Airgintín Cuir in eagar ar Wikidata
Bás21 Aibreán 2025
88 bliana d'aois
Cathair na Vatacáine (Cathair na Vatacáine)
Siocair bháisBás nádúrtha (Stróc agus circulatory collapse (en) Aistrigh)
Áit adhlacthaBasilica di Santa Maria Maggiore Cuir in eagar ar Wikidata
266 Pápa
13 Márta 2013 – 21 Aibreán 2025 (bás an duine)
← Pápa Beinidict XVIPápa Leo XIV →
Patrarc an Iarthair
13 Márta 2013 – 21 Aibreán 2025
← Pápa Beinidict XVI
Cairdinéal-sagart
21 Feabhra 2001 – 13 Márta 2013
Ceaptha ag: Pápa Eoin Pól II
Easpag deoise
30 Samhain 1998 – 13 Márta 2013
← Antonio QuarracinoMario Aurelio Poli →
Ard-Easpag Buenos Aires
28 Feabhra 1998 – 13 Márta 2013
← Antonio QuarracinoMario Aurelio Poli →
Coadjutor archbishop (en) Aistrigh
3 Meitheamh 1997 – 28 Feabhra 1998
Easpag teidealach
20 Bealtaine 1992 – 3 Meitheamh 1997
← Theodor Hubrich (en) AistrighMieczysław Cisło →
Deoise: Auca titular see (en) Aistrigh
Easpag cúnta
20 Bealtaine 1992 – 3 Meitheamh 1997
Provincial of the Jesuits of Argentina and Uruguay (en) Aistrigh Argentine-Uruguayan Jesuit Province (en) Aistrigh
1973 – 1979 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síFacultades de Filosofía y Teología de San Miguel (en) Aistrigh
Colegio Máximo de San José (en) Aistrigh
Inmaculada Concepción Seminary (en) Aistrigh
Sankt Georgen Graduate School of Philosophy and Theology (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilDochtúir sa Diagacht
Teanga dhúchaisan Spáinnis
Gníomhaíocht
Réimse oibreLitríocht Chríostaí, ministreacht Pheadair agus Christian education (en) Aistrigh
Suíomh oibre Buenos Aires
An Róimh
Cathair na Vatacáine Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmeaspag Caitliceach (1992–2025), sagart Caitliceach Rómhánach (1969–2025), chemical technologist (en) Aistrigh, dírbheathaisnéisí, diagaire Caitliceach, múinteoir ollscoile, polaiteoir, scríbhneoir, seanmóirí, ceimiceoir, fealsamh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinn de chuidCarlos Aldunate Lyon
TeangachaAn Spáinnis, an Iodáilis, an Laidin, an Ghearmáinis, an Fhraincis, an Phortaingéilis, Béarla agus Laidin eaglasta
Ord crábhaidhCumann Íosa
CoisreacanAntonio Quarracino Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
Márta 2013comhthionól cairdinéal 2013
Aibreán 2005comhthionól cairdinéal 2005 Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
AthairMario José Bergoglio  agus Regina María Sívori
SiblínMaría Elena Bergoglio agus Óscar Adrián Bergoglio Sívori
Croineolaíocht
21 Aibreán 2025death and funeral of Pope Francis (en) Aistrigh
21 Feabhra 2001cardinalate creation (en) Aistrigh, per Pápa Eoin Pól II
27 Meitheamh 1992coisreacan (Buenos Aires Cathedral (en) Aistrigh), per Antonio Quarracino
13 Nollaig 1969priestly ordination in the Roman rite (en) Aistrigh, per Ramón José Castellano Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

(la) Miserando atque eligendo

Suíomh gréasáinvatican.va… Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm5571029 FilmAffinity: 914565651 Allocine: 765320 Metacritic: person/pope-francis TMDB.org: 1523704
X: Pontifex Instagram: franciscus Youtube: UCnB5vfb9FMMNTnC6-kAT3fQ TED: pope_francis Musicbrainz: 5778d5f1-ae14-42bf-9fe9-d79d6feb6835 Discogs: 5247548 Allmusic: mn0003332346 Goodreads author: 7034628 Find a Grave: 281828450 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí Jorge Mario Bergoglio SJ, nó an Pápa Proinsias (17 Nollaig, 1936 - 21 Aibreán 2025) ina Phápa ar an Eaglais Chaitliceach idir 2013 agus 2025. Ba é an 266ú pápa é, agus an chéad phápa a rugadh lasmuigh den Eoraip le 1272 bliain.

Bhí cáil air, i measc rudaí eile, as dúshlán a thabhairt do ghníomhaíochtaí polaiteoirí agus iad ag tabhairt aghaidh ar an ngéarchéim aeráide agus as a bheith ina ghuth do na boicht.[1]

Jorge Mario Bergoglio, 12 bliain d'aois, i scoil Sailéiseach 1948/1949 (ceathrú ón chlé, ró i lár)
Cairdinéal Jorge Mario Bergoglio, 2008
Jorge Mario Bergoglio agus Joseph Ratzinger (ar dheis), 2013
Proinsias i gCaisleán Haemi sa Choiré, 2014
Chas Proinsias le Putin in 2019
Meitheamh 2024

Íosánach is ea Jorge Mario Bergoglio. Ba é a bhí mar Ardeaspag Buenos Aires ón bhliain 1998 go dtí 2001.[2] Bhíodh sé ina chairdinéal san Airgintín ón mbliain 2001 go dtí 2013.[3]

Toghadh Bergoglio ina phápa ar an 13 Márta 2013 tar éis don Phápa Beinidict XVI, Joseph Ratzinger, éirigh as. Roghnaigh sé an t-ainm Proinsias in ómós do Naomh Proinsias Assisi, chun aithris a dhéanamh ar a umhlaíocht agus a shimplíocht. Ba chróga an rud é a dhéanamh, agus é an chéad phápa riamh a thóg ainm an naoimh mhóir.[4]

An lá dár gcionn, an 14 Márta 2013 chuir sé chuige a shéala a fhágaint ar a sheirbhís mar Phápa: d’imigh sé féin lena bhille lóistín sa Róimh a ghlanadh; agus go luath ina dhiaidh sin chuaigh sé ar thuras farraige go hOileán Lampadusa chun taobhú leis na hinimircigh.[5]

Ó thosach, dála Naomh Proinsias féin, thug Bergoglio droim láimhe do phoimp agus do ghalamaisíocht Chúirt na Vatacáine: dhiúltaigh sé d’fháinne an Phápa; do na bróga dearga; don mbríste bán; don limousine; don tseanmóin fhada Laidine a tugadh dó le léamh ag a chéad Aifreann sa Séipéilín Sistíneach; dhiúltaigh don árasán pápúil agus roghnaigh cur faoi i Teach Naomh Márta.

Thosnaigh sé ar an ngortghlanadh láithreach agus chuir trí thréadlitir de a chuir tine le tóin lucht an status quo, mar atá:

  • Evangelii Gaudium (Gairdeas an tSoiscéil), 2013, ar fhorógra an tsoiscéil i ndomhan an lae inniu;
  • Laudato Si, 2015, ar ár bhfreagracht i leith ár mbaile coiteann; agus
  • Laetitia Amoris (Lúcháir an Ghrá) 2015, mar d’fhéach sé leis an díomá a lean de Humanae Vitae, 1968, timpeall ar an gcaidreamh collaí a chur ina cheart.[4]

In 2020, labhair an Pápa go hoscailte faoi pháirtnéireacht shibhialta sa scannán faisnéise Francesco, Agus é ag caint faoi cúram agus freastal tréadach a chur ar fáil do dhaoine LADT, dúirt an Pápa: “Tá sé de cheart ag daoine homaighnéasacha a bheith ina gcuid de theaghlach. Is páistí Dé iad. An rud a theastaíonn dlí a cheadaíonn páirtnéireacht shibhialta, sa tslí sin beidh aitheantas dlí acu.”[6]

Is é teagasc traidisiúnta na hEaglaise Caitlicí nach féidir le pósadh a bheith ann ach amháin idir fear agus bean. Chuir caint an Phápa cantail ar an dream san eaglais at bhí níos coimeádaí ná é agus nach raibh ar aon intinn le Proinsias, a bhí róliobrálach, dar leo.[7]

A’ labhairt dó le hiriseán Íosánach sna Stáit Aontaithe i mí na Samhna 2022, dhearbhaigh Proinsias nach raibh aon éagóir á déanamh ar mhná gan cead a thabhairt dóibh a bheith ina sagairt. Is bean í an Eaglais a dhearbhaigh sé. Is céile í an bhean. Tugtar aitheantas do dhínit na mná sa tslí sin, a mhaígh sé.

Tamall níos déanaí, labhair iar-Uachtarán Máire Mhic Giolla Íosa amach in 2022 gan scáth gan náire. mar gheall ar an ráiteas ‘seafóideach míloighciúil’, a deir sí a thug an Pápa agus ceisteanna á bhfreagairt aige maidir le bean a oirniú ina sagart, ‘misogynistic drivel’ a bhaist an t-iarUachtarán ar a bhriathra.[8]

Armas

Bhí ceangal ar leith ag an bPápa le hÉirinn. Agus é ina shagart, darbh ainm Jorge Bergoglio, sa bhliain 1980 chaith sé seal i mBaile Átha Cliath ag iarraidh feabhas a chur ar a chuid Béarla.[9]

Thug Proinsias cuairt ar Éirinn i mí Lúnasa na bliana 2018, le páirt a ghlacadh i gCruinniú Domhanda na dTeaghlach. Le linn an turais sin, thug sé cuairt ar Bhaile Munna agus Glas Naíon i dtuaisceart na cathrach agus é ar a bhealach go hÁras an Uachtaráin.

Bhí an Ghaeilge ar cheann de chúig theanga oifigiúil Chruinniú Domhanda na dTeaghlach in 2018, agus ina cuid “lárnach” de na hócáidí do chuairt an Phápa; bhí an teanga sa treis ag Aifreann an Phápa i bPáirc an Fhionnuisce. Bhí An Chéad Léacht agus ceann de phaidreacha Ghuí an Phobail i nGaeilge ag an Aifreann mór. Casadh chomh maith na paidreacha Gaeilge ‘A Thiarna déan trócaire’,  ‘A Uain Dé’ agus leagan Sheáin Uí Riada den ‘Ár nAthair’.[10]

Chas Proinsias leis an Uachtarán, Micheál D Ó hUigínn, cúig huaire le linn a phápachta – uair amháin in Áras an Uachtaráin agus ceithre huaire sa Vatacáin.[9]

Airgintíneach de bhunadh na n-imirceach a bhí ann (de bhunús na hIodáile a mhuintir).

Is fear ionraic, grámhar, daonna é an Pápa Proinsias, dar le Pat Butler.[11] Tá íomhá i bhfad níos gnaíúla, níos láiche agus níos liobrálaí ag an bPápa seo ná an bheirt phápaí a chuaigh roimhe.[12]

Chuir a shláinte isteach ar an bPápa ar feadh a shaoil agus bhí fadhbanna ar leith ann lena chuid anála ó baineadh ceann dá scamhóga as agus é 21 bliain d’aois. Chuaigh an Pápa faoi scian dhá uair sna 2020idí, mórobráid i 2021 agus ceann eile i 2023.[13]

Ina bheathaisnéis, Dóchas (2024), mhínigh Proinsias go raibh sé i gceist ar dtús nach bhfoilseofaí é go dtí tar éis bháis dó, ach ar chúiseanna áirithe foilsíodh an leabhar nuair a bhí sé fós beo.[14]

Cuireadh tórramh príobhaideach air (anseo an tUachtáran Lula ag faire air)
shiúil slua beag i mórshiúl ón séipéal
seirbhís na sochraide i gCearnóg Naomh Peadar
cuid de na piardaí móra... Ursula von der Leyen i lár
os cionn 400,000 duine i láthair do sheirbhís na sochraide i gCearnóg Naomh Peadar agus ar shráideanna na Róimhe

I mí Feabhra 2025, tugadh an Pápa Proinsias ar bhonn éigeandála toisc deacrachtaí anála isteach chuig Ospidéal Agostino Gemelli i gCathair na Róimhe. Glacadh isteach san ospidéal é den chéad uair ar an gceathrú lá déag de mhí Feabhra mar gheall ar thinneas a d’fhorbair ina niúmóine dúbailte sa deireadh.

Ag 11h30 ar an 21 Aibreán 2025 agus Domhnach Cásca, chas Proinsias le leas-uachtarán na Stát Aontaithe, J.D. Vance.[15] Bhí aighneas leanúnach eatarthu faoi chúrsaí le cúpla mí.

Bhí an cuma go raibh biseach ag teacht ar Phroinsias. Bhí a bhás tobann sa mhéid is gur ghuigh sé beannachtaí na Cásca ag meán lae ar shlua daoine i gCearnóg Naomh Peadar, a láithreas poiblí deireanach. San óráid a scríobh an Pápa an lá úd, dúirt sé nárbh ann don tsíocháin gan “saoirse an reiligiúin, saoirse na smaointeoireachta, agus saoire na tuairimíochta” agus go raibh “díocas mór chun báis” le feiceáil san iliomad coimhlintí ar fud na cruinne. Ansin tugadh an Pápa i láthair an tslua agus tiomáineadh timpeall na Cearnóige i gcarr é. Stop sé cúpla babhta le leanaí nuabheirthe a bheannú,[9] an naíonán John Flynn as Luimneach an ceann deireannach a bheith beannaithe.[16]

Tamall níos déanaí, fágadh Proinsias i gcóma, gan aithne gan urlabhra. "Stróc agus teipeadh croí nach raibh aon teacht uaidh' ba thrúig bháis don bPápa Proinsias de réir an teastais báis.[17]

Bhásaigh Proinsias an lá dár gcionn, Luan Cásca, an 21 Aibreán 2025, in aois 88 bliain dó. D’fhógair an Cairdinéil Kevin Farrell, as Baile Átha Cliath ó dhúchas, bás cheannaire na hEaglaisí Caitlicí sa Vatacáin.

Dúirt an Pápa Proinsias sular bhásaigh sé gurbh fhearr leis sochraid a bheadh níos simplí ná sochraidí na bpápaí a d’imigh ar shlí na fírinne roimhe. Roghnaigh sé cónra adhmaid amháin seachas na trí chónra a bhíonn ag pápaí go hiondúil agus, dála an Phápa Naomh Eoin Pól II, ní raibh a chorp ar taispeáint ar chatafalc  i mBaisileasc Peadair.[9]

Deir an Vatacáin go raibh os cionn 400,000 duine i láthair ar an an 26 Aibreán do sheirbhís na sochraide i gCearnóg Naomh Peadar agus ar shráideanna na Róimhe. Bhí ceannairí domhanda i measc na mílte a bhí i láthair do shochraid an Phápa, ina measc Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump agus Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky. An Cairdinéal Giovanni Battista Re ón Iodáil, Déan Choláiste na gCairdinéal a bhí i mbun seirbhís na sochraide. Ina aitheasc, dúirt sé gur ''Pápa na ndaoine, le croí oscailte'' a bhí sa Phápa Proinsias. Luaigh sé an achainí a rinne Proinsias ar dhaoine chun ''droichid a thógáil agus ní ballaí'' agus an labhair sé freisin faoin gcomhbhá a bhí aige d'imircigh.[18]

Luíonn a chnámha anois i mBaisleach Santa Maria Maggiore, áit ar mhinic leis dul i mbun paidreoireachta. Ba é an Pápa Proinsias an chéad Phápa ón bPápa Leo XIII a bhásaigh i 1903 le bheith curtha taobh amuigh den Vatacáin. Searmanas príobháideach a bhí ann i mBaisleac Santa Maria Maggiore.[18]

Theip ar Phroinsias maidir le ról na mban agus maidir le fuascailt chríochnúil a fháil ar scannal na mí-úsáide, Ach chuaigh a chúram do na bochtáin, do dhaoine ar an imeall agus dóibh sin atá ag fulaingt foréigin, go háirithe in Gaza, i gcion ar phobal fairsing.[5][19]

Ba léir ó na ráitis chomhbhróin ó cheannairí na n-eaglaisí Protastúnacha in Éirinn – Eaglais na hÉireann, an Eaglais Phreispitéireach agus an Eaglais Mhodhach go raibh tionchar ag Proinsias ar dhaoine lasmuigh den Eaglais Chaitliceach.[19]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Scéal a phápachta le seacht mbliana go leith atá sa scannán fada Francesco, le Evgeny Afineevsky, a tháinig amach in 2020.[20]
  1. Conradh na Gaeilge, Londain (26 Aibreán 2025). "Nuacht Mhall (Luimneach)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-04-27.
  2. extrag.ie (2023-01-31). "Leo ag guí gach rath ar an Pápa cróga faoi cearta LADT" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-01-31.
  3. "timire.ie". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-22. Dáta rochtana: 2016-11-03.
  4. 4.0 4.1 Tadhg Ó Dúshláine (22 Aibreán 2025). "Cad a dhéanfaimid feasta gan ár bPápa Proinsias?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-04-23.
  5. 5.0 5.1 Frainc Mac Brádaigh (23 Aibreán 2025). "Éisteacht arís le croí mór – teachtaireacht Phápa na síochána agus an phobail" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-04-24.
  6. A. B. C. News. "Video Pope Francis becomes first pope to endorse civil unions for gay couples" (en). ABC News. Dáta rochtana: 2025-02-23.
  7. "Tacaíocht tugtha ag an bPápa don pháirtnéireacht shibhialta do lánúineacha comhghnéis" (ga-IE). Tuairisc.ie (2020-10-21). Dáta rochtana: 2025-02-23.
  8. Seosaimhín Ní Bheaglaoich (23 Nollaig 2022). "Mo ghrá thú, a Mháire Mhic Giolla Íosa…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-02-23.
  9. 9.0 9.1 9.2 9.3 Maitiú Ó Coimín (21 Aibreán 2025). "An Pápa Proinsias ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-04-21.
  10. Méabh Ní Thuathaláin (22 Meitheamh 2018). "An Ghaeilge le bheith i lár an aonaigh le linn chuairt agus Aifreann an Phápa" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-02-23.
  11. Pat Butler (12 Eanáir 2023). "Na mná díbeartha go dtí an t-imeall i gCearnóg Pheadair" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-02-23.
  12. Cathal Ó Murchú (2025-03-07). An Páipéar - Eagrán #19: "Amhras faoi shláinte an Phápa Proinsias" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-03-09.
  13. Nuacht RTÉ (2025-02-22). "Sláinte an Phápa ag dul chun donachta" (as ga-IE). 
  14. "Hope (Pope Francis memoir)" (as en) (2025-03-20). Wikipedia. 
  15. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named :5
  16. "‘A moment we’ll never forget’ – Limerick baby last child to be blessed by late Pope Francis" (en). Irish Independent (2025-04-25). Dáta rochtana: 2025-04-27.
  17. Nuacht RTÉ (2025-04-21). "Stróc agus teipeadh croí a chriog an Pápa" (as ga-IE). 
  18. 18.0 18.1 Nuacht RTÉ (2025-04-26). "Na mílte míle i láthair do shochraid an Phápa Proinsias sa Róimh" (as ga-IE). 
  19. 19.0 19.1 Póilín Ní Chiaráin (23 Aibreán 2025). "Díol suntais chomh dearfach is a bhí an DUP faoi thréithe an Phápa Proinsias" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-04-23.
  20. agoalex (2021-12-06). "FRANCESCO: Live Q&A with Director/Producer Evgeny Afineevsky".