Páirtí Oibrithe na Cordastáine
| Sonraí | |||||
|---|---|---|---|---|---|
| Giorrúchán | PKK | ||||
| Cineál | eagraíocht sceimhlitheoireachta eagraíocht armtha (1978–2025) | ||||
| Idé-eolaíocht pholaitíochta | Kurdish nationalism (en) náisiúnachas ar an eite chlé sóisialachas daonlathach frithchaipitleachas cónaidhmeacht dhaonlathach Jineology (en) libertarian municipalism (en) | ||||
| Ailíniú polaitíochta | an eite fhíorchlé | ||||
| Stair | |||||
| Dáta a bunaíodh | 27 Samhain 1978, Ziyaret | ||||
| Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 12 Bealtaine 2025 | ||||
| Rialachas corparáideach | |||||
| Ceanncheathrú | |||||
| Ceanncheathrú | |||||
| Uachtaránacht | Murat Karayılan Hülya Oran (en) Abdullah Öcalan (1978–1999) Cemil Bayık (1999–) | ||||
| Máthaireagraíocht | Koma Civakên Kurdistan (en) | ||||
| Fochomhlacht | |||||
| Eile | |||||
| Dath | | ||||
| Suíomh gréasáin | pkkonline.com | ||||
De réir rialtas na Tuirce, ba ghrúpa sceimhlitheoireachta é an Páirtí Oibrithe na Cordastáine[1] nó go minic, an PKK (Coirdis: Partiya Karkerên Kurdistanê).[2] Bhí feachtas míleata ar siúl ag an PKK ó 1984 go dtí 2025 ar mhaithe le críoch neamhspleách Choirdíneach a bhaint amach in oirdheisceart na Tuirce, cogadh ina bhfuair thart ar dhaichead míle bás.
D'fhógair Páirtí Oibrithe na Cordastáine sos cogaidh leis An Tuirc ar an 1 Márta 2025[3], agus díscaoileadh an eagraíocht ar an 12 Bealtaine 2025.[4]



Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is iad na Coirdínigh an náisiún is mó ar domhan nach bhfuil a stát flaitheasach féin acu. Tá breis is 30 milliún acu ina gcónaí i gcríoch chomhtheagmhálach atá roinnte idir ceithre stát, ceantair in oirdheisceart na Tuirce, oirthuaisceart na Siria, tuaisceart an hIaráice agus iarthar na hIaráine ina bhfuil móramh Coirdíneach iontu. Críoch thar a bheith sléibhtiúil gan teagmháil leis an bhfarraige is ea an Chordastáin, ach réigiún fíor-straitéiseach in iarthar na hÁise mar sin féin.[5]
Eagraíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireadh tús leis an PKK in 1978, nuair a rinneadh stát na Tuirce géarleanúint ar an bhfreasúra go ginearálta agus ar a naimhde polaitiúla go háirithe.
Tá idé-eolaíocht na gluaiseachta PKK bunaithe ar an sóisialachas, náisiúnachas agus frith-chóilíneachas. Tá aidhmeanna na gluaiseachta seo tar éis athrú ón neamhspleáchas iomlán go dtí an fhéincheannasaíocht (nó féinriail) laistigh de Phoblacht na Tuirce. Teastaíonn uathu a streachailt a athrú ó mhodhanna míleata go modhanna polaitiúla.[5]
Tá ceannaire an PKK, Abdullah Öcalan, i ngéibheann ag na Turcaigh ó 1999 i leith nuair a rinne Arm na Tuirce ruathar i Nairobi sa Chéinia chun é a ghabháil. Tugann a chomrádaithe Apo (uncail) air agus bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí na gluaiseachta in 1978.
Bhí an PKK luaite le roinnt mhaith ionsaithe ó theip ar an sos comhraic le Rialtas na Tuirce sa bhliain 2015, mar shampla an phléasc i gcathair Cizre i gcúige atá ar an teorainn leis an tSiria agus an Iaráic in 2016.[6]
Sos cogaidh
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí an Mhárta 2025, bhí sos comhraic fógartha ag treallchogaígh Choirdíneacha de chuid an PKK. D’iarr ceannaire an PKK, Abdullah Öcalan, ar an ngluaiseacht a n-airm a chur síos agus deireadh a chur lena bhfeachtas míleata i gcoinne stát na Tuirce. Éilíonn an PKK go bhfuil sé in am Abdullah Öcalan a scaoileadh saor tar éis 26 bliain a bheith caite aige i ngéibheann. Ach tá an eite dheas an-láidir sa Tuirc, agus níl de rún acu ach an PKK an scrios go huile is go hiomlán.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, an Kurdistan Workers' Party
- ↑ AN COIMISIÚN EORPACH (2022). "TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA". Dáta rochtana: 2025.
- ↑ "Kurdish group PKK declares ceasefire with Turkey" (2025-03-01). Dáta rochtana: 2025-03-01.
- ↑ "A Kurdish militant group decides to disband and disarm as part of a peace initiative with Turkey" (11 Bealtaine 2025). Dáta rochtana: 11 May 2025.
- 1 2 3 Cathal Ó Murchú (2025-03-07). "Sos comhraic fógartha ag an PKK" (ga-IE). An Páipéar, Eagrán #19. Dáta rochtana: 2025-03-09.
- ↑ Nuacht RTÉ (2016-08-26). "11 marbh agus os cionn 70 duine eile gotaithe sa Tuirc" (as ga-IE).