Jump to content

Páirtí Daonlathach Uladh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaPáirtí Daonlathach Uladh
Sonraí
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodhMeitheamh 1981
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilteSamhain 2001 Cuir in eagar ar Wikidata

Bá pháirtí polaitiúil beag i dTuaisceart Éireann é Páirtí Daonlathach Uladh (Béarla: Ulster Democratic PartyUDP). Cumann Cosanta Uladh a bhunaigh an páirtí i Mí Meitheamh 1981 mar Ulster Loyalist Democratic Party (Páirtí Daonlathach Dílseach Uladh).

Bhí cúpla comhairleoir ag an pháirtí agus, agus sa bhliain 1996, fuair siad dhá shuíochán ar an Fhóram Thuaisceart Éireann. I mí Eanáir 1998, d'éirigh siad as na cainteanna síochána sular díbríodh iad mar rinne Trodaithe Shaoirse Uladh, ainm bréige a bhí ar an Chumann Cosanta Uladh, roinnt dúnmharuithe. Níor bhuaigh siad aon suíochán ar an Tionól nua.

Thosaigh an páirtí easaontú le Cumann Cosanta Uladh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta agus, i mí Iúil, dúirt McMichael nárbh fhéidir leis an pháirtí labhairt ar son Chumann Chosanta Uladh. Lánscoireadh an páirtí i mí na Samhna 2001.

Ceannairí an pháirtí

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ceannaire Ó Go
1 John McMichael 1981 1987
2 Ken Kerr 1987 ~1990
3 Ray Smallwoods ~1990 1994
4 Gary McMichael 1994 2001

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]