Páipéir Pandora
Is éard atá i gceist leis na Páipéir Pandora[1] ná mórsceitheadh sonraí in 2021 ina dtugadh tuairisc ar úinéirí tairbhiúla na n-eintiteas corparáideach a bhí bunaithe i ndlínsí rúndachta.[2] Thosaigh an Cuibhreannas Idirnáisiúnta na nIriseoirí Iniúchta (CIII) ag foilsiú na bPáipéar ar an 3 Deireadh Fómhair 2021.

Imghabháil cánach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nochtaigh na Cáipéisí an bealach a cuireadh maoin agus ioncam i bhfolach ar mhaitheas ceannairí stáit agus polaiteoirí eile nach iad, chomh maith le lucht airgeadais, gnó, spóirt agus ealaíne.
D’fhéadfadh $ 32 trilliún, méid nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, a bheith curtha i bhfolach ó chríocha cánach, de réir tuairiscí.
Nochtaíodh an chaoi a dtugann idirghabhálaithe, amhail bainc, cuntasóirí agus gnólachtaí dlí, cúnamh do dhaoine aonair chun struchtúir chorparáideacha chasta a dhearadh atá cláraithe i ndlínsí rúndachta nó i dtearmainn chánach i ndlúthchomhar le soláthraithe seirbhíse gairmiúla amach ón gcósta, chun ioncam agus sócmhainní a "chosaint" ó leibhéal cóir cánachais agus grinnscrúdaithe.
Chuaigh cuid de na comhaid siar go dtí na 1970idí, gur cruthaíodh an chuid is mó díobh siúd a ndearna ICII athbhreithniú orthu idir 1996 agus 2020.
Ní raibh gach aon cheann de na gníomhaíochtaí i bPáipéir Phandóra neamhdhleathach; uaireanta ní raibh ann ach seachaint cánach agus mí-úsáid ar an rúndacht chorparáideach.
Roimh Pandora, nochtadh scannail eile, mar shampla Lux Leaks in 2014, Swiss Leaks in 2015, Páipéir Phanama in 2016, Páipéir Pharthais in 2017, Mauritius Leaks in 2019, Luanda Leaks agus Comhaid FinCEN in 2020, agus Lux Letters in 2021.[4]
Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Éire á húsáid mar láthair eischósta ag daoine agus gnónna ón Rúis, ón Úcráin, ón Úisbéiceastáin agus tíortha eile in oirthear na hEorpa agus lár na hÁise dar leis na gCáipéisí.[5][6]

Daoine luaite
[cuir in eagar | athraigh foinse]I measc na daoine a bhí ainmnithe i bPáipéir Pandora, bhí scairshealbhóirí, stiúrthóirí agus tairbhithe de chuideachtaí easchósta. San iomlán, bhí 35 ceannaire náisiúnta le feiceáil sa sceitheadh, in éineacht le 330 polaiteoir agus oifigeach poiblí ó nach mór 100 tír. Ainmníodh níos mó ná 100 billiúnaí agus 29,000 cuntas easchósta sna sceitheanna i mí Dheireadh Fómhair 2021.[2]
Cinn stáit agus cinn rialtais
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Guillermo Lasso, Uachtarán Eacuadór
- Vladimir Putin, Uachtarán na Rúise
- Tamim bin Hamad Al Thani, Éimír Stát Chatar
- Volodymyr Zelenskyy, Uachtarán na hÚcráine
- Pedro Pablo Kuczynski, iar-Uachtarán Peiriú
- Juan Carlos I, iar- Rí na Spáinne
- Andrej Babiš
srl srl
Eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Dominique Strauss-Kahn, i mbun an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta
- Carlo Ancelotti
- Elton John
- Ringo Starr (The Beatles)
- Claudia Schiffer
- Pep Guardiola,
- Shakira
srl srl
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, Pandora Papers
- ↑ 2.0 2.1 Johan VAN OVERTVELDT (2022). "TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir le Páipéir Phandóra: impleachtaí do na hiarrachtaí chun sciúradh airgid, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac | B9-0527/2021 | Parlaimint na hEorpa" (ga-IE). www.europarl.europa.eu. Dáta rochtana: 2025-03-21.
- ↑ ""Pandora Papers: Tony and Cherie Blair avoided paying £312,000 in tax on London property by acquiring offshore firm"".
- ↑ Rún ó Pharlaimint na hEorpa ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó Pháipéir Pandora agus ó nochtaí eile (15 Meitheamh 2023). "Ceachtanna a foghlaimíodh ó Pháipéir Pandora agus ó nithe eile a tháinig chun solais.". eur-lex.europa.eu. Dáta rochtana: 2025-03-21.
- ↑ RnaG (04 Deireadh Fómhair 2021). "Tús Áite: Páipéir Pandora" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2025-03-21.
- ↑ Fachtna Ó Drisceoil / RnaG (4 Deireadh Fómhair 2021). "Tús Áite Dé Luain 4 Deireadh Fómhair 2021" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2025-03-21.