Pádraig Mac Gréine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Iarmhúinteoir agus bailitheoir béaloidis dob é Pádraig Mac Gréine (Béarla: Patrick Greene) a dhein speisialtóireacht ar sheanchas an lucht siúil i dtuaisceart Chontae Longfoirt, áit a bhfuil traidisiún tréan béaloidis.

Fuair Master Green, mar a thugtaí air ina áit dhúchais i gContae Longfoirt, bás ar an 22 Feabhra 2007 agus é céad is a sé bliana d’aois. Bhí sé gníomhach go dtí an deireadh. Ó bhí sé céad bliain, rinne sé athnuachan ar a cheadúnas tiomána gach bliain agus thugadh sé ranganna seachtainiúla do lucht taistil atá lonnaithe anois i Longfort, ar a gcultúr féin.

Rugadh sa Liagán, Co. an Longfoirt é i 1900, mac le John Greene agus a bhean chéile Rose (née Naughton). D’fhreastail sé ar an scoil náisiúnta sa Léana Mór agus ba scoláire den scoth é. Ansin bhí sé ina ‘monitor’ nó cúntóir múinteoireachta ar feadh ceithre bliana go dtí gur bronnadh scoláireacht air agus chuaigh sé go Coláiste Phádraig i nDroim Conrach chun oiliúint a fháil mar mhúinteoir. Níorbh é an chéad mhúinteoir ina theaghlach - dob é a shin-seanathair an chéad múinteoir scoile i gceantar Ballinalee sna 1840í.

Tar éis dó cáilíocht a bhaint amach mar mhúinteoir, bhí sé ag obair mar mhúinteoir ionadaíochta. Chun an Ghaeilge a fhoghlaim, chaith sé sé mhí mar oibrí feirme i mBaile an Ghaorthaidh i gContae Chorcaí i 1921. Bhí sé mar phríomhoide i Lios Liath, in aice le Béal Átha na Lao agus níos déanaí sa Chúil, Co. na hIarmhí ó 1958 go 1965 nuair a d’éirigh sé as an obair.

Ba bhall é den Chumann le Béaloideas Éireann agus nuair a bunaíodh Coimisiún Béaloideasa Éireann bhí sé ar dhuine de na hoibrithe deonacha a lorg agus a thaifead scéalaithe áitiúla ar fud na tíre. Bhí obair an choimisiúin, faoi James H. Delargy, dírithe den chuid is mó ar thaifeadadh sheanchas na hÉireann ach ag an am céanna bhí ar na bailitheoirí eolas a fháil ar cheirdeanna, tithe, caitheamh aimsire, leigheasanna agus an creideamh traidisiúnta.

Sna 1930í bhailigh sé agus d’fhoilsigh sé roinnt liostaí focal i Shelta ó Gammon. Fuair sé eolas ar an teanga ó bhéarlagair rúnda seo i dtosach báire ó Oney Power, bean den lucht siúil a rugadh i gContae Ros Comáin agus a raibh cónaí uirthi ar an teorainn idir Contae an Longfoirt agus Contae na hIarmhí.

Bhí daoine áirithe den lucht siúil míshásta mar gur nocht ball díobh an oiread sin Gammon do ‘buffer’ do dhuine lonnaithe. Chreid siad go mbeadh na gardaí in ann a mbéarlagair a fhoghlaim agus mar sin go mbeadh sé gan feidhm in aghaidh na ngardaí.

Dob é príomh-uirlis na mbailitheoirí tosaigh ná an Ediphone, meaisín millteanach mór agus ní raibh ag an Choimisiún ach trí cinn. Mar sin, ní raibh ceann ar bith ag na bailitheoirí ach amháin ar feadh cúpla seachtain i rith na bliana. Bhreacadh siad síos míreanna eolais ach theastódh an Ediphone uathu le haghaidh na scéalta fada agus bhíodh an-saothar orthu agus iad ag iarradh an méid ab fhéidir leo a thaifeadadh i rith na seachtaine a bhíodh sé ar fáil dóibh.

Sa bhaile níos déanaí, bhíodh orthu na scéalta a scríobh ina n-iomláine i leabhair nótaí speisialta, a chuir an Coimisiún ar fáil dóibh. Idir gach trí mhí agus sé mhí, dhéantaí na leabhair nótaí a bheartú i leathar. Ansin cuireadh uimhreacha orthu agus cuireadh in eagar cróineolaíoch iad. Roimh sheachtóidí an 20ú haois, bhí beagnach 1,900 imleabhar sa chartlann seanchais sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Is ceann de na bailiúcháin is mó agus is saibhre ar domhan é, lán béaloidis i nGaeilge agus i mBéarla, rud atá caillte ag go leor tíortha eile.

In 2003, bhronn Ollscoil Náisiúnta na hÉireann máistreacht oinigh air mar aitheantas ar an méid a rinne sé le haghaidh an oideachais in Éirinn.