Pàdraig MacAoidh
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1979 46/47 bliana d'aois Leòdhas, Scotland |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Ollscoil Ghlaschú |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | acadóir, craoltóir, scríbhneoir, file |
| Teangacha | Gaeilge na hAlban, Béarla agus an Ghaeilge |
Is cainteoir dúchais Gàidhlig é Pádraig Mac Aoidh (Peter Mackay), as Oileán Leòdhais. Is acadóir, scríbhneoir agus craoltóir é agus tá tionchar ag oidhreacht teanga an oileáin sin ar a chuid scríbhinní. Ghnóthaigh sé MA ó Ollscoil Ghlaschú agus tá dochtúireacht aige ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Bhí poist aige in Ionad Filíochta Séamus Heaney, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste; Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath; agus ag Sabhal Mòr Ostaig, áit a raibh sé ina scríbhneoir cónaithe. D’oibrigh sé freisin mar iriseoir agus léiritheoir nuachta teilifíse don BBC.
Scríobh Pádraig monagraf ar shaothair Shomhairle MhicGill-Eain (RIIS, 2010), agus tá eagar curtha aige ar bhailiúcháin aistí ar nua-fhilíocht na hÉireann agus na hAlban agus ar litríocht Ghaeilge na hAlban. Faoi láthair, tá sé ag obair ar leabhar le Wordsworth agus Séamus Heaney, agus tá eagarthóireacht déanta aige, i gcomhpháirt le hIain S. McPherson, ar An Leabhar Liath / The Light Blue Book, díolaim filíochta grá agus filíochta collaí, a d'fhoilsigh Luath Press sa bhliain 2016 agus ar bronnadh Duais Dhomhnaill Meek air.
Chonacthas a chuid filíochta den chéad uair sa phaimfléad ‘From Another Island’’ (Clutagh Press, 2010), agus sa chnuasach Gu Leòr, a d’fhoilsigh Acair sa bhliain 2015.
Sa bhliain 2024 ainmníodh Pádraig Mac Aoidh mar Makar (focal Albainise a chiallaíonn 'déantóir') ról mar Fhile Náisiúnta na hAlban, an chéad uair a bhí file Gaelach sa ról sin.