Jump to content

Oxyura maccoa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoOxyura maccoa Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata  
Sonraí
Mais96 g
820 g
554 g Cuir in eagar ar Wikidata
Meánlíon in ál5.7 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse ghoir26 laethanta Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas i mbaol
AICD22679820 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
AicmeAves
OrdAnseriformes
FineAnatidae
GéineasOxyura
SpeiceasOxyura maccoa Cuir in eagar ar Wikidata
Eyton, 1838
Léarscáil de raon an tacsóin
lang= Cuir in eagar ar Wikidata

Is lacha tumadóireachta righinearrach í an Oxyura maccoaan lacha mhaccoa) a fhaightear ar fud Oirthear agus Dheisceart na hAfraice.

Mar bhaill den ghrúpa lachain raighinearraigh, is minic a fhaightear iad ag lapadáíl san uisce agus a gcuid cleití eireabaill dírithe suas. Mar lachain thumthacha, bíonn a gcorp speisialaithe chun a bheith ina snámhóirí aclaí faoi uisce agus mar sin tréithe áirithe caillte acu a ligeann dóibh gluaiseacht go maith ar ar an talamh. Mar thoradh air sin, bíonn a gcosa suite níos faide siar óna gcorp, rud a fhágann go mbíonn siad mishoghluaiste agus iad ag siúl amach as an uisce.[1]

Illustration of male (left) and female (right) Maccoa ducks
Lachain Maccoa fireann (ar chlé) agus baineann (ar dheis).

Seasann an póraitheoir fireannach amach go soiléir lena ghob gorm cóbaltach ag síneadh amach ó cheann agus scornach dubh go hiomlán. Tá dath donnrua ar an bhrollach agus ar an droim agus is minic a bhíonn na codanna íochtaracha liathdhonn, bíonn an geadán dúdhonn, agus bíonn an t-eireaball agus na cosa dubh.[1] Agus é ag eitilt, is féidir cleití neasbhána faoi na sciatháin agus na cleití ascaille bána den fhireannach a fheiceáil. [1] Tá fireannaigh nach bhfuil ag pórú an-chosúil leis na baineannaigh, seachas cúpla gnéithe: coróin níos dorcha agus leid de dhonnrua ar a dhroim.

Ní bhíonn an Maccoa baineannach comh daite leis an Maccoa fireannach. Tá gob liathdhubh uirthi le rinn gheal, aghaidh dhonn éadrom le coróin dhorcha agus leiceann stríocach, agus sceadamán neasbhán. Tá brollach donn éadrom, droim donn níos dorcha, na codanna íochtaracha neasbhán, troithe dubha agus cleití eireabaill dubha ag an mbaineannach freisin.[1]

Mar atá i gcás go leor éan, bíonn clúmh ag lachain óga Maccoa cosúil le cinn na mbaineannach fásta. Mar sin féin, tá a gcuid cleití eireabaill níos caola agus níos gearrtha, agus tá dath donn níos dorcha ar a gcoróin.

A blue-billed duck (oxyura australis) floating in water.
An lacha ghormghobach ( Oxyura australis )
White-headed duck (Oxyura leucocephala). Relative of the maccoa duck.
An lacha cheannbhán (Oxyura leucocephala)
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Maccoa Duck (Oxyura maccoa)”. Birds of the World. Cornell Lab of Ornithology (2020-03-04). doi:10.2173/bow.macduc1.01. Dáta rochtana: 2020-10-06.