Ospidéal an Rotunda

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Ospidéal an Rotunda
Íomhá
Sonraí
CineálOspidéal
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBaile Átha Cliath, Éire
Map
 53°21′09″N 6°15′45″W / 53.3525°N 6.2625°W / 53.3525; -6.2625
Gníomhaíocht
ComhcheangalColáiste Ríoga na Máinleá in Éirinn
Suíomh gréasáin oifigiúilrotunda.ie
Facebook: RotundaHospitalDublin Twitter: RotundaHospital LinkedIn: rotunda-hospital Youtube: UCh-BzCsDBpqB6XDVtJoDmHQ Cuir in eagar ar Wikidata
1791

Ospidéal an Rotunda, nó Ospidéal Máithreachais an Rotunda, suite i gcroílár Bhaile Átha Cliath agus tá sé ar cheann de na hinstitiúidí sláinte is cáiliúla in Éirinn.[1] An máinlia, Bartholomew Mosse, a bhunaigh an t-ospidéal in 1745, agus is mór an fhorbairt atá tagtha ar Ospidéal an Rotunda, mar a thugtar air sa lá atá inniu ann, ó shin i leith.[2] Tá seirbhísí míochaine á gcur ar fáil gan stad do mhná agus do leanaí ó shin.

1791
1837
timpeall 1890idí b'fhéidir

Airítear an Rotunda ar cheann de na sainfhoirgnimh is so-aitheanta i mBaile Átha Cliath ó thaobh na hailtireachta de.[3]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’oscail an máinlia, Dr. Bartholomew Mosse an t-ospidéal ar 15 Márta 1745 in 'George’s Lane' (Sráid Sheoirse Mhór Theas).[4] An ' Dublin Lying-In Hospital' a bhí air ar dtús. Bhí drochbhail ar mháithreacha agus leanaí i mBaile Átha Cliath san 18ú haois.[1]

Ba é Mosse chomh maith a thiomsaigh an t-airgead le hospidéal nua a oscailt agus leis an bhfoirgneamh a thógáil, I 1748 ghlac an Mosse ceithre acra agus aon ród amháin ar léas ar an taobh thuaidh de Shráid na Breataine Móire chun foirgneamh nua a thógáil.[3] Croílár cultúrtha agus sóisialta na cathrach Seoirsí ag an am ab ea an láthair ar tógadh an foirgneamh.

Tógadh é in aice le Sráid Sackville (Sráid Uí Chonaill inniu). Ach ní raibh sé ar aon ais leis an tsráid. B'iad muintir Gardiner a d'fhorbair an Chearnóg Parnell agus Sráid Parnell, nó Cearnóg Rutland, mar a thugtaí uirthi sa 18ú haois.

Osclaíodh an foirgneamh nua ar 8 Nollaig 1757 agus an 'New Dublin Lying-In Hospital' a bhí air.

Tá seirbhísí míochaine á gcur ar fáil gan stad do mhná agus do leanaí ó shin ina shuíomh reatha ar chearnóg Parnell.

An 'Rink'[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gné shuntasach amháin den fhoirgneamh seo ab ea an struchtúr ciorclach, an 'Rink' agus b’as sin a d’eascair a ainm: Ospidéal an Rotunda. Tógadh seomraí éagsúla ócáide mar chuid den fhoirgneamh; 'Rotunda Rink' orthu níos déanaí. Bhí Mosse ag súil go bhféadfaí iad a ligean amach ar cíos chun go dtabharfadh an t-ioncam breise cabhair airgid don ospidéal.

Sa 'Rotunda Rink' a bunaíodh Óglaigh na hÉireann sa bhliain 1913.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Cearnóg Parnell" (ga). PARNELL SQUARE CULTURAL QUARTER. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-12-08. Dáta rochtana: 2021-12-08.
  2. ireland2016.gov.ie (2016-02-10). "Rotunda Hospital: Birth of a Nation" (ga). Ireland 2016. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-12-08. Dáta rochtana: 2021-12-08.
  3. 3.0 3.1 Alan Stanford (Bealtaine 2008). "Stair Amharclann an Gheata" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-12-08.
  4. rotunda.ie. "Chronological History of The Rotunda Hospital". Dáta rochtana: 2021.