Ospidéal Ríoga Bhéal Fheirste do Leanaí Breoite
| Ospidéal Ríoga Bhéal Fheirste do Leanaí Breoite | ||||
|---|---|---|---|---|
| Sonraí | ||||
| Cineál | Ospidéal | |||
| Foirgníocht | 1873 | |||
| Suíomh geografach | ||||
| Limistéar riaracháin | Béal Feirste, Northern Ireland | |||
| ||||
| Suíomh gréasáin oifigiúil | belfasttrust.hscni.net… | |||
Bunaíodh Ospidéal Ríoga Bhéal Fheirste do Leanaí Breoite[1] sa bhliain 1873.[2]
Tá ospidéal nua leanaí á thógáil i láthair na huaire, in aice leis an Royal Victoria, taobh leis an ospidéal máithreachais. Cuireadh tús leis an obair thógála in 2025. Osclófar é sa bhliain 2030 ar a luaithe. Moladh an tionscal i dtosach in 2013 Táthar ag súil nach mbeidh moill ar an togra mar a bhí ar ospidéil na leanaí i mBaile Átha Cliath agus i nDún Éideann.[3] Tá £671 milliún, nó €810 milliún, ceadaithe mar chaiteachas iomlán agus £389 milliún de sin luaite leis an obair thógála.
Nuair a bheas an t-ospidéal críochnaithe, beidh 155 seomra leapa le haghaidh othair chónaitheacha ann agus 10 obrádlann agus aonad éigeandála.

Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]In 2012, bhuail ráig pseudomonas Ospidéal Ríoga Bhéal Fheirste. Bhí tástálacha déanta ar thrí leanbh is fiche i ndiaidh do thriúr leanbh bás a fháil mar gheall ar an ráig d'ionfhabhtú baictéarach, pseudomonas.[4][5] In 2024, frítheadh an baictéar pseudomonas sa chóras uisce agus admhaíodh go mbeadh costas mór lena chur i gceart.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, Royal Belfast Hospital for Sick Children
- ↑ "The Belfast Hospital for Sick Children Archives" (en-US). History Hub Ulster (2018-08-24). Dáta rochtana: 2025-02-26.
- ↑ 3.0 3.1 Póilín Ní Chiaráin (26 Feabhra 2025). "Údar maith le fainic faoi ospidéal leanaí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-02-27.
- ↑ Nuacht RTÉ (2012-01-21). "Ceannlínte" (as ga-IE).
- ↑ "The Northern Ireland Assembly - Written Answers to Questions: Friday 17 May 2002". archive.niassembly.gov.uk. Dáta rochtana: 2025-02-27.
| Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
