Ordinalia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ealaíona TaibhiúcháinOrdinalia
Cineáldráma rúndiamhair Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Choirnis Cuir in eagar ar Wikidata

Is iad na hOrdinalia ná trí dhráma rúndiamhair meánaoiseach ag dul siar go dtí deireadh na ceathrú haoise déag, scríofa go príomha i Meán-Choirnis, le treoracha stáitse i Laidin. Is iad na trí dhráma ná Origo Mundi (Bunús an Domhain, ar a dtugtar Ordinale de Origine Mundi, 2,846 líne), Passio Christi (Páise Chríost, ar a dtugtar Passio Domini Nostri Jhesu Christi, 3,242 líne) agus Resurrexio Domini (Aiséirí Ár dTiarna ar a dtugtar Ordinale de Ressurexione Domini, 2,646 líne). Is socruithe éagsúla de línte seacht agus ceithre shiolla iad méadair na ndrámaí seo.

Na véarsaí tosaigh de de Origo Mundi, an chéad dráma den Ordinalia

An chéad dráma[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tosnaíonn an chéad dráma, ar a dtugtar Origo Mundi, le Cruthú an Domhain, Titim an Duine, agus Cáin agus Áibil, agus ina dhiaidh sin tógáil na hÁirce agus an Díle; dúnann an scéal faoi promhadh Abraham an chéad ghníomh. ar Ábraham an chéad mhír. Tugann an dara Mhaoise stair Mhaoise dúinn, agus léiríonn an tríú mhír scéal Dháiví agus tógáil Theampall Sholaimh, aisteach go leor ag críochnú le cur síos ar mhairtíreacht Naomh Maximilla mar Chríostaí ag an easpag a chuir Solamh i bhfeighil an teampaill.

Is í iarmhairt an Origo Mundi ná Cruthú an Domhain le Díle Naoi ar (Gwreans an Bys: Cruthú an Domhain), scríofa i gCoirnis le treoracha stáitse i mBéarla, ag William Jordan i 1611.[1]

An dara agus an tríú dráma[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Everyman: and Medieval Miracle Plays" (1959) (2 ed.): 235–. Dutton. ISBN 0525470360.  (Aguisín I, The Cornish Trilogy, The Death of Pilate