Online Safety Amendment
| Cineál | Act of the Parliament of Australia (en) | ||
|---|---|---|---|
| Tír | an Astráil | ||
| Baint le limistéar údaráis | an Astráil | ||
| Croineolaíocht | |||
| 10 Nollaig 2024 | Royal assent (en) | ||
| Saothar iomlán ar fáil ag URL | legislation.gov.au… | ||
Cuireadh Online Safety Amendment (cosc ar na meáin shóisialta san Astráil do dhaoine faoi 16 bliana d’aois) ar an 10 Nollaig 2025, nuair a tháinig an Online Safety Amendment (Social Media Minimum Age) Act 2024[1] i bhfeidhm. Tá bac curtha ar dhaoine óga cuntais a bheith acu ar Facebook, Instagram, Reddit, Snapchat, TikTok, X/Twitter, Threads, Twitch, Kick, YouTube agus a leithéidí.[2]
Chaill na milliúin páistí agus déagóirí an fháil a bhí acu ar a gcuntais agus iachall curtha ar na haipeanna iad a bhaint de na hardáin nó fíneáil suas le $49.5 milliún a íoc.
Laghdóidh an dlí an ró-úsáid atá á baint as na meáin shóisialta, is cosúil, agus thar aon ní eile, an brú atá á chur ar dhaoine óga a bheith orthu.[3]
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is í an Astráil an chéad tír ar domhain a bhfuil cosc dá leithéid curtha acu ar na meáin shóisialta. Ní rud nua é go mbeadh teorainn aoise curtha ar tháirgí éagsúla (deochanna alcólacha mar shampla agus clubanna oíche).
Ach tá na meáin shóisialta fite fuaite i saol an duine óig sna laethanta seo agus cé go bhfuil contúirtí ag baint leo,[5] tá buanna móra leo freisin.[3]
Córas fíoraithe aoise
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá seirbhís ‘k-ID’[6][7] in úsáid, mar shampla, a dhéanann clárú oifigiúil aoise agus aipeanna ar nós SnapChat á n-úsáid le haois na n-úsáideoirí a sheiceáil agus a dheimhniú. Caithfidh gach duine atá ag iarraidh SnapChat a úsáid san Astráil a gcuid sonraí a chur ar fáil do k-ID.[8]
Tá na tíortha eile ar fud an domhain ag faire ar shampla na hAstráile le feiceáil cén chaoi a n-éireoidh leis an gcosc; an spreagfaith an clí inniúlacht agus nuálaíocht sna bealaí le teacht thart ar choscanna aoise digiteacha?
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Online Safety Amendment" (as en) (2025-12-12). Wikipedia.
- ↑ 2.0 2.1 "IN FULL: eSafety Commisioner Julie Inman Grant addresses National Press Club | ABC NEWS" (as Béarla) .
- ↑ 3.0 3.1 Bridget Bhreathnach (11 Nollaig 2025). "An Eilf ar an tSeilf ar ais ag diabhlaíocht, cosc ar na meáin shóisialta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-12-13.
- ↑ "Julie Inman Grant" (as en) (2025-12-11). Wikipedia.
- ↑ mar a léirigh taighde a tháinig amach in 2025 agus cláir ar nós Adolescence a tharraing cuid mhaith cainte
- ↑ "k-ID | Engage, Expand and Empower your youth audience, wherever they are" (en). www.k-id.com. Dáta rochtana: 2025-12-13.
- ↑ "K-ID" (as en) (2025-11-21). Wikipedia.
- ↑ Josh Taylor, Josh Taylor Technology reporter (2025-12-09). "Social media ban explained: when does it start in Australia, how will it work and what apps are being banned for under-16s?" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2025-12-13.