Jump to content

Omar Abdulkadir Artan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaOmar Abdulkadir Artan

(2024) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(so) Cumar Cabdulqaadir Cartan Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith6 Meitheamh 1992
34 bliana d'aois
Mogaidisiú, An tSomáil Cuir in eagar ar Wikidata
FIFA referee (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmréiteoir sacair Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtsacar Cuir in eagar ar Wikidata


Is réiteoir sacair Somálach é Omar Abdulkadir Artan (a rugadh ar an 6 Meitheamh 1992). Meastar é a bheith ar an réiteoir is fearr san Afraic, agus ainmníodh é mar réiteoir fireann na bliana ag Cónaidhm Sacair na hAfraice (CAF) in 2025.[1]

Roghnaíodh é ina dhiaidh sin do Chorn FIFA an Domhain 2026, ach diúltaíodh cead isteach dó sna Stáit Aontaithe agus baineadh den chomórtas é, rud a tharraing conspóid.[2] Agus Corn an Domhain 2026 ar tí tosú, bhí Omar Artan sa mbaile sa tSomáil agus deireadh tagtha lena chomórtas, fiú sular thosaigh sé. Bhí Artan curtha ó dhoras ag oifigigh inimirce Mheiriceá tar éis dó leaindeáil in Miami, in ainneoin go raibh víosa agus pas taidhleoireachta aige. Bhí Artan le bheith ar an gcéad fhear riamh ón tSomáil chun réiteoireacht a dhéanamh ar chluiche ag Corn an Domhain, dea-scéal i dtír atá scriosta ag scéalta uafáis.[3]

2024
RD Congo 2-1 Guinée, 2024

Gairm réiteoireachta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Omar Abdulkadir Artan i Mogaidisiú ar an 6 Meitheamh 1992.

Thosaigh Artan a ghairm réiteoireachta i sraitheanna áitiúla sa tSomáil, agus rinneadh réiteoir oifigiúil de i gCéad Roinn na Somáile. Tá sé ar liosta réiteoirí FIFA ó 2018 i leith. I mí Eanáir 2024, ba é an chéad Shomálach a rinne réiteoireacht ag Africa Cup of Nations, áit a raibh sé i gceannas ar an gcluiche idir an Túinéis agus an Namaib i nGrúpa E.

Bhí sé i gceannas freisin ar chluichí móra de chuid CAF Champions League agus ar chluichí cáilithe do Chorn FIFA an Domhain 2026. Ba é Artan an chéad réiteoir ón tSomáil a bhí i gceannas ar chluiche ceannais ilchríochach, nuair a rinne sé réiteoireacht ar chluiche ceannais CAF Champions League 2024–25 idir Pyramids FC ón Éigipt agus Mamelodi Sundowns ón Afraic Theas i Caireo.

In 2025, ba é an t-aon réiteoir as an Afraic ó dheas den Sahára a rinne réiteoireacht ag Corn Domhanda FIFA Faoi-20 2025.

Bronnadh an gradam don réiteoir is fearr san Afraic ar Artan in 2025.

Corn FIFA an Domhain 2026

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí Aibreáin 2026, roghnaíodh Artan le bheith ina réiteoir ag Corn FIFA an Domhain 2026, agus é ar dhuine de thriúr réiteoirí ón Afraic. Nuair a ceapadh é, mhol Uachtarán na Somáile, Hassan Sheikh Mohamud, é as a "dhúthracht, a scileanna agus a ionracas".

Ar an 6 Meitheamh, d'eitil sé ó Iostanbúl na Tuirce go Miami le freastal ar sheimineár do réiteoirí FIFA roimh an gcomórtas. Bhí ionad traenála bunaithe ag Pierluigi Collina, cathaoirleach choiste réiteoirí FIFA, i Miami don 52 réiteoir agus 88 réiteoir cúnta a bhí ag an gcomórtas.[2]

Bhí víosaí trí mhí do na Stáit Aontaithe aige chomh maith le pas taidhleoireachta a fuair sé trí Ambasáid na Somáile i Nairobi. Ach nuair a shroich sé Aerfort Idirnáisiúnta Miami, dhiúltaigh Custaim agus Cosaint Teorann na SA (CBP) cead isteach dó, agus cuireadh ar eitilt ar ais go Iostanbúl é láithreach. Dúirt CBP gur diúltaíodh cead isteach dó toisc gur aimsíodh "údair imní" le linn an scrúdaithe.[2] Chuir roinnt foinsí an locht ar na srianta inimirce a chuir riarachán Trump i bhfeidhm.[4]

Dúirt Artan ina dhiaidh sin gur cuireadh faoi agallamh inimirce 11 uair an chloig é sular diúltaíodh cead isteach dó. Dúirt sé nár thug oifigigh Mheiriceá míniú soiléir ar an gcinneadh, in ainneoin go raibh na cáipéisí taistil cuí aige. Bhí baint ag a náisiúntacht Shomálach leis an gcinneadh. Thug sé "an aisling is mó i mo shaol" ar Chorn an Domhain, agus léirigh sé a dhíomá nach raibh sé in ann páirt a ghlacadh sa chomórtas. Tar éis dó filleadh ar an tSomáil, dúirt Artan gur chuir oifigigh Mheiriceá ceisteanna air faoi Al-Qaeda agus faoi Al-Shabaab.[5] Dúirt oifigeach Meiriceánach gurbh é ba chúis leis an diúltú ná an bhaint ag Artan le daoine a raibh amhras fúthu agusbaill d'eagraíochtaí sceimhlitheoireachta iad.[5]

Thug FIFA le fios go mbraitheann cinntí faoi chead isteach agus faoi víosaí ar an rialtas óstach sa deireadh. Cé gurbh iad na Stáit Aontaithe, Ceanada agus Meicsiceo le chéile a d'óstáil an comórtas, bhí ar na réiteoirí freastal ar ullmhúcháin láraithe sna Stáit Aontaithe.

Ar an 10 Meitheamh 2026, d'fhill Artan ar an tSomáil, áit ar cuireadh fáilte mhór roimhe ó na húdaráis agus ón bpobal. Moladh Artan mar laoch. I ráiteas gairid leis an bpreas, léirigh sé a dhíomá leis na Stáit Aontaithe, d'iarr sé ar Shomálaigh ainm na tíre a chosaint, agus dúirt go raibh súil aige a bheith páirteach sa chéad Chorn Domhanda eile.[6]

Sárchorn UEFA 2026

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 11 Meitheamh 2026, roghnaigh UEFA Artan le bheith ina réiteoir ar chluiche Sárchorn UEFA 2026 idir Paris Saint-Germain agus Aston Villa. Táthar ag súil go mbeidh an cluiche ar siúl ag an Red Bull Arena i Salzburg na hOstaire ar an 12 Lúnasa 2026. Tháinig an roghnú i ndiaidh idirbheartaíochta idir UEFA agus Cónaidhm Sacair na hAfraice (CAF). Beidh Artan ar an gcéad Afracach riamh a bheidh ina réiteoir ar chluiche i gcomórtas de chuid UEFA.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 "Barred World Cup referee Omar Artan to officiate UEFA Super Cup final". ESPN. Dáta rochtana: 2026-06-12.
  2. 1 2 3 "Somali referee for World Cup denied entry into United States". ESPN. Dáta rochtana: 2026-06-12.
  3. ↑ Pádraic Ó Ciardha (11 Meitheamh 2026). "Tugann an sacar le chéile sinn ar fad, ach cead a fháil ó Trump ar dtús" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-06-11.
  4. ↑ "Referee barred from entering U.S. for World Cup gets a hero's welcome in Somalia". NBC News. Dáta rochtana: 2026-06-12.
  5. 1 2 "U.S. official: Somalia's Omar Artan had suspected terror ties". ESPN. Dáta rochtana: 2026-06-12.
  6. ↑ "Somali World Cup referee denied U.S. entry, hailed as hero at home". NPR. Dáta rochtana: 2026-06-12.