Olltoghchán na hÉireann, 1973
Cineál | olltoghchán in Éirinn | ||||
---|---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 28 Feabhra 1973 | ||||
← 1969
1977 → | |||||
Tír | Éire | ||||
Baint le limistéar údaráis | Éire | ||||
Oifig le buachan | Taoiseach Teachta Dála | ||||
Iarrthóir ar éirigh leis/léi | Liam Mac Cosgair | ||||
Reáchtáladh Olltoghchán na hÉireann, 1973[1] ar an 28 Feabhra 1973. I bhFeabhra na bliana 1973 chaill Fianna Fáil cumhacht le comhrialtas idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre. Tháinig deireadh le réimeas sé bliana déag Fhianna Fáil ag olltoghchán 1973 (1957-1973).[2] Toghadh Liam Mac Cosgair mar Thaoiseach nuair a tháinig an 20ú Dáil le chéile ar an 14 Márta 1973..
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuaigh Éire isteach i gComhphobal na hEorpa (European Community) sa bhliain 1973. Níos déanaí sa bhliain, tháinig ardú ar phraghas na hola sa Mheánoirthear agus d’éirigh geilleagar na hEireann níos measa.
An Rialtas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir an Comhrialtas nua forógra toghchánaíochta aontaithe os comhair an phobail, ina raibh 14 de phointí. I measc na bpointí sa bhForógra Toghcháin bhí ceann a gheall deireadh a chur leis an riachtanas oideachais a d’fhág nach mbeadh Ardteistiméireacht ná Meánteistiméireacht le fáil ag scoláire a theipfeadh air/uirthi pas a fháil i nGaeilge, cuma cé chomh maith is a dhéanfaidís sna hábhair eile.
Ceapadh Dick Burke, ó Fhine Gael, fear a raibh togha na Gaeilge aige, i gceannas ar an Roinn Oideachais (agus fuair sé réidh in 1974 le Gaeilge Éigeantach na scrúduithe stáit, mar a gealladh sa bhForógra Toghcháin).[2][3][4]
Ceapadh Pádraig Ó Donnagáin mar Aire Cosanta, aire eile a tharraing conspóid ollmhór níos déanaí.
1977
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’éirigh go hiontach le Fianna Fáil in olltoghcháin na bliana 1977 agus tháinig Seán Ó Loingsigh ar ais mar Thaoiseach
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, Irish General Election 1973
- ↑ 2.0 2.1 Donncha Ó hÉallaithe (7 Samhain 2024). "Níor cheart dearmad a dhéanamh ar an mbuille ba mheasa ar stádas na Gaeilge ó bunaíodh an stát" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-12.
- ↑ "Abolition of Compulsory Irish" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2024-11-12.
- ↑ Donncha Ó hÉallaithe (7 Samhain 2024). "Níor cheart dearmad a dhéanamh ar an mbuille ba mheasa ar stádas na Gaeilge ó bunaíodh an stát" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-12.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |