Olltoghchán na hUngáire 2026
| Cineál | Hungarian parliamentary election (en) | ||
|---|---|---|---|
| Dáta na bliana | 12 Aibreán 2026 | ||
| Tír | an Ungáir | ||
| Baint le limistéar údaráis | an Ungáir | ||
| Oifig le buachan | member of the National Assembly of Hungary (en) | ||
| Iarrthóir | Páirtí Meas agus Saoirse (3,385,890) Fidesz–KDNP (en) Democratic Coalition (en) Our Homeland Movement (en) Hungarian Two-tailed Dog Party (en) | ||
| Iarrthóir ar éirigh leis/léi | Páirtí Meas agus Saoirse Fidesz–KDNP (en) Our Homeland Movement (en) Democratic Coalition (en) Hungarian Two-tailed Dog Party (en) | ||
Reáchtálfar Olltoghchán na hUngáire[1] ar an 12 Aibreán 2026.



Feachtas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Viktor Orbán, pobalóir fíorchoimeádach frith-Eorpach agus go láidir ar son na Rúise, atá i gceannas ar an Ungáir ó 2010 go 2026.
Bhí an páirtí Tisza, faoi stiúir Péter Magyar, ag déanamh níos fearr sna pobalbhreitheanna ná mar a bhí riamh roimhe seo. Pobalóir coimeádach é Magyar chomh maith céanna le Orbán. An difear idir an bheirt ná go bhfuil Magyar go láidir ar son na hEorpa agus bhí geallúint tugtha aige deireadh a chur leis an gcaimiléireacht fhorleathan a chuirtear in aghaidh pháirtí Orbán, Fidesz.[3]
Is é an chaoi go bhfuil greim docht daingean ag Fidesz ní hamháin ar an gcóras polaitiúil, ach ar na meáin freisin. Cultas atá in Fidesz – creideann cuid mhór Ungárach nach bhfuil teacht acu ar sholáthar nuachta ón iasacht gach rud a deir an páirtí sin. Cothaíonn siad faitíos agus fuath, toisc gurb é sin a mheallann vótaí.[3]
Is léir gur scéin a scaipeadh an cur chuige ag Fidesz san fheachtas toghcháin. Bhí sé curtha ina luí ag Orbán ar mhuintir na hUngáire gur tharraing muintir na hÚcráine an cogadh anuas orthu féin, go bhfuil Zelenskyy ar thóir airgid an Aontais Eorpaigh agus an tAontas Eorpach ar thóir airgead na hUngáire, agus go bplúchfar an tír le teifigh.
Ní raibh aghaidh Viktor Orbán ar phóstaeir an pháirtí ach aghaidheanna na naimhde is mó a deir an páirtí atá ag an náisiún Ungárach: Volodymyr Zelenskyy, Ursula von der Leyen agus Péter Magyar; ‘AN BAOL’ an mana in íochtar.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, 2026 Hungarian parliamentary election
- ↑ "Manfred Weber" (as en) (2026-03-25). Wikipedia.
- 1 2 3 Alex Hijmans (1 Aibreán 2026). "TUAIRISC ÓN EORAIP: Fuath is scéin i mBúdaipeist, ‘Gimme Hope Jo’Anna’ i Ljubljana" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-04-02.